Dáil debates
Thursday, 18 February 2010
Community Development.
4:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Deanfaimíd cínnte go bhfuil an dá phobal i gceist. Bhéinn i dtrioblóid dá ndéanfainn dearmad ar ceachtar acu. Tá deontas de €50,000 ceadaithe ag an údarás. Tá Comhlacht Forbartha na nDéise tar éis glacadh le sin. Is ceist don chomhlacht fhéin í cé mhéad daoine a fhostófar ar an €50,000 sin. An bhfuil aon foinse ag an Teachta? Is le haghaidh oifigeach forbartha pobail atá an €50,000 atá ar fáil i mbliana. Ar ndóigh, níl anseo ach rud eatramhach. De réir an phlean nua atá á chur le chéile agam, beidh comhlacht buan - maoinithe tríd an Stáit - sna Déise. Is rud eatramhach é seo, ach déanfar socrú buan ceart sa todhchaí. Beidh clúdach iomlán á dhéanamh ar Ghaeltacht na nDéise faoin bplean nua.
No comments