Dáil debates

Tuesday, 2 February 2010

12:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)

Glacann Páirtí an Lucht Oibre leis an rún go mbeadh Seán Ó Cuirreáin athtofamar Coimisinéir Teanga. Aontaím leis an Teachta Kenny go bhfuil jab maith déanta ag an tUasal Ó Cuirreáin sa phost sin. Tá an ceart ag an Teachta Ó Caoláin gur ceart go mbeadh díospóireacht againn sa Dáil faoin ábhar seo, ach bheadh sé níos fearr go mbeadh an díospóireacht sin ar na tuarascálacha atá déanta ag an coimisinéir, mar tá roinnt maith moltaí suimiúla sna tuarascálacha sin. B'fhéidir gur ceart go mbeadh díospóireacht againn orthu sin amach anseo. Maidir leis an rún os ár gcomhair, aontaíonn agus glacann Páirtí an Lucht Oibre go gcuirfear an rún os comhair an chomhchoiste agus go mbeidh an tUasal Ó Cuirreáin athtofa mar Coimisinéir Teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.