Dáil debates
Wednesday, 18 November 2009
European Union Appointments.
3:00 pm
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Bheadh sé oiriúnach don Aire é sin a chur i bhfeidhm. Tá súil agam go mbeidh an Coimisinéir nua sásta teacht ar ais chuig an Oireachtas chun labhairt leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí go léir le chéíle. Mar a dúirt an Teachta Michael D. Higgins, tá Gaeilge líofa aici. Is iontach an scéal é go mbeidh Coimisinéir againn a mbeidh sásta an teanga náisiúnta a úsáid. Níl aon amhras orm ach go mbeidh sí rí-shásta teacht os ár gcomhair.
No comments