Dáil debates

Thursday, 5 November 2009

National Asset Management Agency Bill 2009: Report Stage (Resumed) and Final Stage

 

6:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom labhairt ar an leasú ríthábhachtach seo. Measaim go bhfuil sé truamhéalach nach dtuigeann an Rialtas cad go díreach atá i gceist anseo. Bhí mé ag argóint inné gur cheart dúinn an ainm Gaeilge, GNuBS, a úsáid in ionad NAMA. Tá luachaíocht á thabhairt don chaimiléireacht a tharla sa Stáit seo le 20 nó 30 bliain. Seachas luach an margadh fad-téarmacha íoc, ba chóir go mbeadh an luach reatha á íoc. Níl aon cinnteacht ann. Má dhéanfaimid aon staidéar ar stair na hÉireann nó stair an domahin, is léir nach bhfuil aon chinnteacht ann. Níl a fhios againn cathain a thiocfaidh an margadh ar ais arís. Sa deireadh thiar, níl á dhéanamh ag an Rialtas ach dul isteach go dtí Paddy Power nó geallghlacadóir ar bith eile agus a rá "seo é an t-airgead - cuir é ar aon capall sa chéad rás eile agus feicifimid an mbuafaimid". N'fheadar an 10/1, 16/1 nó 1/2 atá i gceist. Ní thuigim geallghlacadóireacht in aon chor. Is é sin go díreach an méid atá á dhéanamh anseo. Nuair atá a leithéid á dhéanamh ag gnáthdhaoine, tá mí-ádh nó hard luck ar éinne a chailleann. An rud a bhí i gceist ag na daoine a bhí ag ceannach na suíomhanna seo, ag tógáil na tithe seo agus ag cothú an uasluach sa mhargadh ná dul isteach i siopa geallghlacadóireachta chun airgead a chur síos.

If one gambles, as speculators did for many years, and loses, it is hard luck in most cases. For the hundreds of thousands of people, including me, who gambled by purchasing Eircom shares and suffered the consequences, it was a case of hard luck. I did not cry out for the Government to bail me out at the current market value, which was worth fuck-all at the time.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.