Dáil debates

Wednesday, 4 November 2009

National Asset Management Agency Bill 2009: Report Stage

 

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Molaim an leasú seo chun a chur i gcuimhne ar an Aire, agus ar an Rialtas go hiomlán, gur chóir go mbeadh an teideal ar aon eagras atáá bhunú ag an Stáit i nGaeilge sa chéad áit, seachas sa dara háit mar a bhíonn i gcónaí. Sa chás seo, tá gach éinne ag caint faoi "NAMA" seachas an "Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní". Le tamall de bhlianta anuas, tá an Stáit ag bogadh i dtreo Béarla de shíor. Tá an leasú seo os ár gcomhair mar nach bhfuil aistriúchán ar an mBille seo ar fáil faoi láthair. Fiú nuair atá an Acht rite, ní bheidh aistriúcháin ar fáil go ceann tamaill. Dá mbeadh sé ar fáil againn, bheadh sé soléir do gach éinne gur an Bhille agus an Acht ceanann céanna atá ann. Go dtí sin, ba chóir go mbeimid ag rá go mbeadh an reachtaíocht i gcónaí luaite mar "An Bille fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009".

Ba chóir go dtógfadh an Aire an moladh seo ar ais go dtí an Cabinet. Ba cheart go gcuirfimid Billí dhátheangacha os comhair na Dála, chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Níl mé chun moill níos faide a chur ar an díospóireacht rí-thábhachtach seo. In ainneoin gur cheist tábhachtach í seo, ní hí an cheist is tábhachtaí lena bheimid ag déileáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.