Dáil debates

Tuesday, 6 October 2009

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta do bhí páipear seachtaine Gaeilge, Foinse, ag fáil deontas, agus gnóth an chomhlacht chéanna, Móinéar Teoranta an chomórtas le pháipéar a chur ar fáil do na blianta seo. Ansin, le cúiseanna ar bith go maith dó féin, tharraing siad siar as agus ní raibh éinne eile fágtha ar pháirc na himire. Ní raibh aon rogha ag an bhForas ach dul amach agus tairiscintí nua a lorg. De bharr an chóras tairiscintí poiblí tógann se sin am, ach táimid dóchasach go n-éireodh leis an bhFhoras seasamh leis an rud atá ráite aige agus go mbeadh sé in an ann fógairt a chur amach tar éis an chruinnithe i mí na Samhna, go mbeidh páipéar seachtanúil ann i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.