Dáil debates

Friday, 10 July 2009

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom an deis seo a thógaint síocháin agus sonas a ghuí ar fhoireann na Dála, ar fhoireann mo pháirtí féin, ar na Teachtaí eile agus ar na meáin. Bhí seisiún fada againn an uair seo agus de réir cosúlachta beidh seisiúin fada eile againn roimh an chéad toghchán eile.

Ba mhaith liom ceist a chur faoi Bille a bhí luaite ar na cláir reachtaíochta le tamall de bhlianta anuas ach atá anois tar éis éalú uathu. Measaim gur luadh ar dtús é i 1997. An Bille atá i gceist ná an Bille cíos talún - the ground rent Bill. Cá bhfuil sé agus an dtiocfaidh sé ar ais riamh? An bhfuil aon seans ann go mbeidh sé os ár gcomhair amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.