Dáil debates

Wednesday, 24 June 2009

European Council Meeting: Statements

 

1:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Go díreach, agus easpa paisin uaireanta. Smaoiníonn daoine ar scaradh ach ina dhiaidh sin bíonn míshásamh agus díomá ar na clanna agus tosaíonn siad ag obair taobh thiar de dhroim an duine agus ag déanamh iarracht daoine a bhrú ar ais le chéile le pósadh, in ainneoin foláirimh an duine a dúirt "No" mar gur rud mícheart dó nó di é. Cuireann na clanna brú ar daoine in ainneoin an ghearáin agus déanann siad neamhaird don seasamh atá glactha ag an duine nuair adúirt sé nó sí"No". Ansin, tógann siad chomh fada leis an altóir an duine arís, in ainneoin an "No". Séard ba cheart a dhéanamh ag an am sin ná"No" a rá arís, mar is é an duine céanna é agus is é an rud céanna atá i gceist.

Féach anois cad atá os ár gcomhair - an sórt ruda céanna. This Government, with the support of the Labour Party and Fine Gael intends to push the very same scenario on the people of this State by putting the very same Lisbon treaty to them for a second time, 15 nó 16 mí tar éis é a bheith curtha rompu don chéad uair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.