Dáil debates
Wednesday, 24 June 2009
European Council Meeting: Statements
1:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Fáiltím roimh an deis labhairt ar thoradh an Chruinniú Mullaigh a bhí ar siúl an tseachtain seo caite. Is ceist cuíosach casta í seo agus beidh plé fada againn uirthi sna míonna amach romhainn. Tá sé deacair míniú ceart a fháíl ar cad go díreach a tharla nó nár tharla le bliain anuas maidir leis an reifreann agus an vóta a chaith muintir na hÉireann um an dtaca seo bliain ó shin.
Bhí spraoi agam ag iarraidh teacht ar analogy chun míniú a thabhairt ar seo agus shocraigh mé ar daoine ag dul ag pósadh. Agus iad ag dul ag pósadh, smaoiníonn daoine ar na pros agus cons agus fiafraíonn siad an é seo an rud ceart le déanamh. Uaireanta téann daoine chomh fada leis an altóir agus ansin athraíonn siad a intinn. Níor tharla seo domsa; táimse breá sásta bheith pósta, ach tarlaíonn sé do dhaoine anois agus arís agus deireann siad "No". Deireann siad gur céim ró-mhór chun tosaigh é agus nach ar leas an duine sin atá sé. Uaireanta ní shroicheann siad an altóir mar déanann siad an cinneadh seo roimh ré.
No comments