Dáil debates

Thursday, 11 June 2009

10:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Taoiseach, atá mar Chathaoirleach ar fochoiste an Rialtais ag plé leis an Ghaeilge. An dtuigeann sé an ghéarchéim an deireadh seachtaine seo maidir leis an bhfoilsiúchán Gaeilge, Foinse, an t-aon pháipéar seachtainiúil Gaeilge atá ar fáil sa tír seo ó cuireadh deireadh le ag deireadh na bliana seo caite? An ndéanfaidh an Taoiseach, mar Chathaoirleach ar an bhfochoiste, gach iarracht a chinntiú go mbeidh Foinse ar fáil an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn agus an bhliain seo chugainn? An ndéanfaidh sé cinnte nach dtarlaíonn an rud céanna do Foinse agus a tharla do Lá? Níl mórán airgid i gceist. Tá géarchéim ann agus táim ag iarraidh ar an Taoiseach, an Tánaiste agus gach Aire a chinntiú go mbeidh an páipéar seo á chur ar fáil seachtain i ndiaidh seachtaine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.