Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

 

Rural Social Scheme.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Níl aon fhoireann fostaithe ag Cumas. B'fhéidir go bhfuil an comhlacht ann ach níl aon fhoireann ann. Ba sheafóid a rá go raibh foireann Chumas ag iarraidh bheith istigh i gcomhráite ar bith mar níl a leithéid de rud ann. Tá siad ar fad aistrithe isteach mar fhostaithe de chuid MFG de réir an eolais atá ag mo Roinn. Cé a sheolfaidh MFG chuig cainteanna? Is ceist do MFG í sin agus dá leagfainn síos mar Aire cé a sheolfadh an comhlacht mar thoscaireachtaí bheadh an freasúra ag rá liom go bhfuil an tAire ag cur ladair isteach ró-dhomhan sa scéal.

Bímse i gcónaí faoi chúrsaí fostaíochta. Sin an fáth gur chas mé leis an dá phríomhfheidhmeannach i mí na Samhna 2008 le comhráite a chur ar bun go bhféadaimís na rudaí seo a láimhseáil ar an bhealadh is cineálta agus is tuisceanaí agus is féidir. Goilleann sé go mór orm go pearsanta mar dhuine a bhfuil cúram daoine orm nach raibh MFG an-pháirteach sna comhráite sin ó shin. Ceann de na fáthanna gur chas mé le bord MFG an lá faoi dheireadh ná le haibhsiú orthu gurbh fhearr bheith istigh sa phróiseas, áit ina mbeadh duine in ann tionchar a imirt air, ná a bheith ag cur in aghaidh rudaí atá ag dul a tharlú.

Mura bhfuil an iomarca foirne ag plé le scéimeanna éagsúla, níl i gceist fáil réidh le haon scéim atá ann, tá i gceist iad a aistriú. Chiallódh sin go mbeadh foireann ag teastáil leis na scéimeanna seo a ghníomhú. Mar sin, go loighiciúil, bheadh ceisteanna foirne le plé ach ní fhéadfadh foireann an údaráis mar atá sé, mura bhfuil barraíocht foirne ar fad ann leis na cúraimí atá acu faoi láthair, an iliomad scéimeanna nua a láimhseáil gan comhréiteach éigin. Is iad na comhráite sin atá mé ag iarraidh a thosú le sé mhí anuas agus impím ar MFG inniu dul isteach sna comhráite sin agus páirt iomlán a ghlacadh ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.