Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

An aontaíonn an Aire liom go raibh bua amháin ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta maidir leis na cursaí seo? Eagraíocht deonach is ea Meitheal Forbartha na Gaeltachta. Bhunaigh an phobal an meitheal ar bhonn deonach. Tá taithí na mblianta ag an meitheal ag láimhseáil na scéimeanna seo. Tá sé deacair daoine a bhfuil taithí den sórt sin acu, agus seirbhís den chineál sin tugtha acu, a ligint chun siúil. Nuair atá an atheagrú déanta, an mbeidh na dreamanna go léir atá ag obair le Meitheal Forbartha na Gaeltachta — ag eagrú na scéimeanna seo, mar shampla — fostaithe mar atá siad faoi láthair? An é nach mbeidh aon obair ar fáil do chuid acu? Tá éiginnteacht ann, tá sé ar Raidió na Gaeltachta gach maidin, tá an tAire féin á phlé, tá sé le cloisteáil i gceantar an Aire féin, cur i gcás dreamanna cosúil le Cumas i gConamara. Cén ról a bheidh ag an fhoireann ansin sa todhchaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.