Dáil debates

Thursday, 12 March 2009

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá ceist agam maidir le reachtaíocht atá geallta le fada an lá. Tá suim phearsanta ag an Tánaiste féin sa reachtaíocht seo agus ó tharla go mbeidh sí i gceannas an Rialtais agus na tíre an tseachtain seo chugainn, b'fhéidir go bhféadfadh sí í a chur chun tosaigh — reachtaíocht a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta.

Ceist eile agam ar an Tánaiste ná cén áit a mbeidh sí féin ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.