Dáil debates
Tuesday, 10 March 2009
Legislative Programme.
2:30 pm
Brian Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Níl a fhios agam an bhfuil gá le Bille chun an chéad fhóram a luaigh an Teachta a chruthú. Is cinneadh polaitaíochta, idir an Tuaisceart agus an Pharlaimint seo, atá i gceist. Ba mhaith liom an gcomhrá sin a chomhlíonadh chomh luath agus is féidir chun go mbeidh cinneadh againn agus go mbeimid in ann dul ar aghaidh leis an eagraíocht a bhí ar intinn againn i gcomhaontú 1998.
D'iarr an Teachta freisin mar gheall ar an reachtaíocht a bhí in aigne agam nuair a labhair mé an bhliain seo caite. Bhí mé ag smaoineamh ar reachtaíocht a bhaineann le dlí an lucht oibre agus ábhair caidrimh tionsclaíochta. Tá sé ar intinn againn dhá Billí — an employment agency regulation Bill agus an industrial relations (amendment) Bill — a fhoilsiú agus a thógaint os comhair an Oireachtais chomh luath agus is féidir. Tá súil agam go mbeimid in ann iad a chur i dlí chomh luath agus is féidir.
No comments