Dáil debates
Thursday, 20 November 2008
Special Report on New EU Legislation: Statements.
2:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá sé tráthúil go bhfuil an deis seo againn labhairt faoin dtuairisc seo. Tá sé ríthábhachtach go mbogfaimid i dtreo níos mó de reachtaíocht na hEorpa a phlé sa Teach seo, in ionad thíos sa phluais ina shuíonn na gcoistí. Ní fhaigheann obair na gcoistí aon phoiblíocht. Ní dhíríonn na meáin isteach ar an obair sin. Thugann na Teachtaí eile neamhaird orthu, don chuid is mó. Glacann siad leis go bhfuil gach rud i gceart thíos sna coistí. Tá siad sásta go bhfuil jab maith á dhéanamh thíos ann. Is breá liom an muinín atá acu ionainn. Measaim gur chóir go mbeadh níos mó plé sa Seomra seo sula gcuirtear reachtaíocht go díreach os comhair na gcoistí. Dúirt mé é sin go minic sa Teach seo cheana. Muna féidir é sin a dhéanamh i dtús báire, ba cheart é a dheánamh nuair atá an coiste críochnaithe lena chuid cainte. Tá sé tábhachtach go bhfuil athrú éigin, ar a laghad, ag tarlú sa chóras sin.
Tá sé deacair do Shinn Féin, mar phairtí beag, a ról iomlán a chomhlíonadh i gceart sna coistí. Déanann na coistí déileáil le raon mór reachtaíochta, as gach rannóg den Aontas Eorpach agus gach rannóg den Teach seo. Cé go bhfuil sé deacair dúinn oibriú mar saoithe ar gach ábhar, déanfaimid iarracht é sin a dhéanamh. Is é sin an fáth go mbíonn an oiread sin cruinnithe ann agus go dtagann an méid sin finnéithe os comhair na gcoistí. Sa deireadh thiar thall, ní féidir linn déileáil le gach uile cheist. Tá an iomarca ábhair ag teacht os comhair na gcoistí. Bíonn orainn brath ar na státseirbhísigh agus ar an eolas a chuireann siad faoin ár mbráid. Tá muinín againn go bhfuil siad ag tabhairt treorach agus an mhínithe ceart dúinn. Is orainn atá an locht má déantar botún. Measaim go bhfuil botúin déanta againn, mar thír. Mar shampla, ghlacamar le roinnt tograí dona a tháinig os comhair na gcoistí. Ní tharlaíonn sé sin mar gheall ar easpa eolais, uaireanta — tharlaíonn sé de bharr easpa toil pholaitiúil.
Measaim go bhfuil sé go maith go bhfuil an díospóireacht seo ag tarlú. Lorg mé a leithéid de dhíospóireacht ar cheist na Gaeilge freisin. Tá súil agam go mbeidh na páirtithe éagsúla sásta lá na Gaeilge a eagrú amach anseo, uair sa bhliain ar a laghad. Is léir gur féidir leis an Teach seo moltaí, chun an tslí ina déanfaimid ár gcuid gnó a athrú, a ghlacadh nuair is gá. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a dhéanamh amach anseo.
The volume of EU legislation is so great that I do not believe the joint committee has adequate time to devote to each of the proposals. Anyone who attended the Joint Committee on European Affairs last term or the new Joint Committee on European Scrutiny understands this point. I urge other Deputies to examine the amount of documentation placed before us and the range of issues being addressed. While many of the matters are important, they get little or no consideration in the Dáil due to time constraints.
Given that committee members sometimes struggle with the various concepts being conveyed, we depend on advice. Without it, we would be swamped. Important decisions can be made without proper consideration or debate. Previously, by the time a matter was considered by the committee, the relevant date had passed. Thankfully, this has not been the situation recently and the committee is on top of its work. My contribution is probably not as great as possible, but I represent a small party and am trying to cover a number of areas. Sometimes, it is difficult to be in two places at once, but I have succeeded.
No comments