Dáil debates

Tuesday, 4 November 2008

Cluster Munitions and Anti-Personnel Mines Bill 2008: Second Stage.

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

It is important that we complete Second Stage of this Bill tonight to send a signal that there is all-party unity on these issues. Committee and Report Stages should be completed as quickly as possible so Ireland can, once again, send out a message to other countries that it is willing to take a stand and be to the forefront in addressing these issues.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt as an deis labhairt anocht ar an gceist ríthábhachtach seo ceist An Bille um Chnuas-Mhuinisin 2008. Measaim go bhfuil sé tábhachtach go dtugaimid tacaíocht don Bhille seo. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis an tAire Martin agus an tAire Ahern as an obair a dhéan siad go dtí seo ar an mBille seo agus daoine eile atá tar éis cuidiú leis an mBille seo a chur chun cinn agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil convention againn agus go bhfuilimid ag síniú an convention sin agus go bhfuilimid ag moladh do thíortha eile in san domhain go síníodh siad san an convention ach ní hamháin sin ach go ndéanann beart de réir an gníomh atá leagtha síos ansin sa deireadh thiar go mbeidh muid mar shochaí agus mar dhomhain tar éis fáil réidh leis na cnús ionseain seo atá luaite in san Bille. An rud atá I gceist in san Bille ná go bhfuilimid ag cur leis an convention a bhí ann roimhe seo land mines agus ag an am sin bhí Éire chun tosaigh arís. Bhí sé ríthábhachtach go raibh an chomhdháil i bpáirc an crócaigh níos luaithe i mbliana agus measaim gur léir ón méid atá ós ár gcomhair inniu gur obair mhaith a déanadh ag an gcomhdháil sin. Ní raibh mé in ann a bheith ann agus féachaint ar an obair a bhí ar siúl acu. Tá an Teachta Deenihan tar éis leagan amach dúinn cheana féin go díreach cad tá i gceist san sórt buama seo. Buamaí gránna amach is amach iad más féidir le haon bhuama gan bheith gránna sa deireadh thiar an rud atá i gceist anseo ná na céadta buamaí beaga a chaitheamh thar ceantar beag gan iad a bheith dírithe ar aon duine nó aon arm ach go háirithe agus an rud atá i gceist ná déanamh cinnte go maraítear an méid is mó saighdiúirí nó daoine ionraic nó fiú go ndéanfaí iad a ghortú. Is cuimhin liomsa léamh tamaill de bhlianta ó shin faoi dhuine a bhí ag déanamh straitéis maidir le cogaíocht i Vietnam agus bhí siad san ag caint faoi, go raibh sé beagnach níos fearr dóibh dá ngortófaí saighdiúir Meiriceánach ná go maireofaí é toisc gur cheangal sé sin suas triúr nó ceathrar saighdiúr eile má tá duine gortaithe go dona. Measaim gurb é sin roinnt den fáth go bhfuil na stáit timpeall an domhain fós ag úsáid na sórt seo buamaí.

Tá an Teachta Deenihan tar éis leagan amach dúinn cheana féin go díreach cad tá i gceist in san sórt buama seo. Buamaí gránna amach is amach iad, más féidir le haon bhuama gan bheith gránna. Sa deireadh thiar an rud atá i gceist anseo ná, na céadta buamaí beaga a chaitheamh thar ceantar beag gan iad a bheith dírithe ar aon duine nó aon arm, ach go háirithe, agus an rud atá i gceist ná déanamh cinnte go maraítear an méid is mó saighdiúirí nó daoine ionraic nó fiú go ndéanfaí iad a ghortú.

Tuigeann siad gur féidir daoine a mharú ach go minic go bhfuil sé níos measa do namhaid, má tá a lán saighdiúirí nó daoine ionraic gortaithe agus go mbíonn ar an stát casadh le déanamh cinnte go bhfuil cóir leigheas le fáil acu sin agus go bhfuil na saighdiúirí nó an sórt tacaíocht sa chúlra gafa ag tabhairt aire do dhaoine atá gortaithe tar éis cos nó lámh nó géag éigin a chailliúint nó atá tar éis a bheith dallaithe ag a leithéid de bhuamaí. An rud is measa faoi seo ná, ní nuair atá an cogadh thart, má tá cogadh ann in aon chor, is ina dhiaidh sin a bhíonn an cuid is mó de na daoine gortaithe ag an sórt seo buama páistí ach go háirithe. Nuair a chaitear na buamaí seo ón aer de ghnáth scaipeann siad i ngach áit ní dhéantar aon iarracht déanamh cinnte go bhfuil gach uile ceann tar éis pléascadh, ní dhéantar aon iarracht déanamh cinnte nach bhfuil siad i gceantair cosúil le scoileanna nó páirceanna peile nó ar thaobh na sléibhte áit áta daoine ag tabhairt aire do chaoirigh nó a leithéid nó istigh i Jungles nó i gceantair atá siad ag tabhairt aire do bheithígh nó ag cur na barraí. An rud a tharlaíonn ná go minic bíonn daoine ag tabhairt aire do chaoirigh nó ag imirt peile nó a leithéid agus sin an uair a ghortaítear na páistí agus sin an áit a chóir go mbádh muid ag díriú air.

Tá freagracht áirithe acu siúd atá ag úsáid seo glanadh suas ina dhiaidh agus fiú siúd atá tar éis an coinbhinsiún a shíniú ba chóir go mbeadh dualgas orthu dul ar ais chuig na ceantair fiú más fiche nó tríocha bliain ó shin dul ar ais ansin agus déanamh cinnte de go bhfuil gach uile ceann de na bomblets seo glanta ón ceantar. Nach mbeidh muid ag féachaint ar pháistí beaga le cos amháin nó lámh amháin toisc gur chuaigh siad amach chun imirt deich, fiche bliain ina dhiaidh cogadh a bheith thart nó fiú dhá nó trí mhí. Ceann de na príomh dualgais nuair atá síocháin idir thortha ná go mbeadh orthu déileáil leis na muinisin atá thart agus gur gá dóibh dul isteach ins na páirceanna ach go háirithe ionas go mbeadh feirmeoirí in ann barraí a chur go mbeadh an talamh sin glanta de haon saghas stuif atá curtha san talamh nó atá tar éis titim isteach sa talamh.

Measaim go bhfuil an ceart ag an Teachta Deenihan nuair a bhí sé ag caint faoi alt 21 áit a luann sé comhoibriú míleata ag tíortha dream amháin atá tar éis an coinbhinsiún a shíniú ag dream eile nach bhfuil gur cóir féachaint arís ar sin agus measaim fhéin agus i mo thuairim fhéin ba chóir go mbeidh muid ag déanamh cinnte de nach bhfuil saighdiúirí Éireannacha ag obair nó ar obráidithe thar lear áiteanna atá na tíortha sin fós gafa le cluster munitions. Ní cóir go mbeadh baint ar bith againn le haon arm atá fós stocanna acu de leithéid de arm lóin nó atá tar éis é a úsáid le tamall agus nach bhfuil tar éis an choinbhinsiún seo a shíniú. Caithfimid a déanamh cinnte de chomh maith ní hamháin go síníonn muid é seo ach go ndéanfaimid níos mó agus is féidir le tír beag cosúil linne méid áirithe a dhéanamh. Dhéan muid an coinbhinsiún a shíniú tá muid tar éis an Bille seo a chur ós ár gcomhair tá méid áirithe eile gur féidir linn a dhéanamh agus in san méid sin measaim gur féidir linne an ceist a ardú gach uair atá muid ag déanamh ceangal trádála le tíortha eile go ndéanfaimid é mar ceann de na coinníollacha nuair atá muid ag déanamh na ceangail trádála sin go mbeadh mar choinníoll go bhfaigheann siad réidh leis an armlóin seo agus go gcuireann siad ar lea-taobh aon tógáil dá leithéid atá ar bun nó aon déantúsaíocht dá leithéid atá ar bun in san tír sin faoi láthair. Measaim go gcaithfimid brú a chur ar leithéidí na Stáit Aontaithe Meiriceá leithéidí Shasana, an Fhrainc agus sin gur gá dóibhsan, i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh ná díreach an coinbhinsiún a shíniú agus déileáil leis an stoc atá acu fhéin. Toisc gur dhéan siad an stoc a thógaint sa chéad dul síos dhéan siad rás armlóin idir iad fhéin agus a naimhde a chothú thar na blianta agus is de thairbhe sin go bhfuil na stoic seo fós ann.

Is fiú féachaint go díreach ar cad tá i gceist againn, tá muid ag caint faoi tamall de bhlianta go raibh 260 milliún anti-personal mines ag 131 Stát. Tá fhios agam ó shin go bhfuil ísliú mór agus ísliú suntasach tagtha ar an líon den sórt buama seo den sórt mianaigh seo ach fós tá na céadta milliún de mianaigh talamh ag tíortha timpeall an domhain agus caithfidh na Stáit Aontaithe iad siúd ach go háirithe níos mó a dhéanamh chun fáil réidh leo agus impí ar na Stáit eile fáil réidh leo. Níl sé maith go leor díreach an coinbhinsiún a shíniú agus measaim sin a bhí i gceist in san comhdháil agus sin atá i gceist in san reachtaíocht seo. Reachtaíocht tá súil agam a bheidh á rith tríd na tíortha eile chomh maith céanna. Measaim go bhfuil sé tábhachtach a aithint an obair a dhéan an cluster munitions coalitions pax christi agus amnesty international agus chomh maith a leithéidí trócaire ní hamháin in san tír ach thar lear áit atá roinnt acu sin ag obair le na daoine atá gortaithe in sna tíortha sin agus measaim gur cóir déanamh cinnte go bhfuil an t-airgead ag na heagrais sin chun déanamh cinnte de go bhfuil an obair ag dul chun cinn agus gur féidir cóir leigheas a chur ar na daoine atá á gortú toisc na mianaigh seo timpeall an domhan. Tá figiúir áit éigin in san méid atá ós mo chomhair ag rá cé méid daoine a deirtear a ghortaítear gach uile seachtain, is figiúr dochreidte é sa lá atá inniu ann, nach n-aithnímid an damáiste atá ag tarlú timpeall an domhain toisc cogaí atá thart go minic tamall de bhlianta ina dhiaidh sin. Buachaillí óga is mó a ghortaíodh i abair i Kosova áit a deir siad 53% tar éis an coimhlint, dhá mhí tar éis an choimhlint is cluster mines faoi ndear na ngortaithe agus mar a dúirt buachaillí óga a bhíonn ag imirt timpeall na háite. Chun críochnú ba mhaith liom arís mo thacaíocht a thabhairt do seo. Tá súil agam nuair a théann sé go dtí an Choiste go mbeidh muid in ann deileála leis an gceist atá ardaithe agam agus tá ceisteanna beaga eile ach don chuid is mó tá tacaíocht agam anseo. Sin an figiúr Human Rights Watch estimated that land mines killed or injured 26,000 people every year agus sin an figiúr déanamh cinnte ár gcuid a dhéanamh chun a dhéanamh cinnte de go gcoimeádtar daoine an domhain slán ón sórt seo rud amach anseo. Go raibh maith agat.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.