Dáil debates

Wednesday, 15 October 2008

Financial Resolution No. 15: (General) Resumed

 

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá sé sin go h-ard ar na buaiceanna againn, a luaithe agus go mbeidh an ceannach éigeantach déanta. Tá sé ráite agam arís agus arís eile, agus dúirt mé é ar Raidió na Gaeltachta inniu, go bhfuil Oileán Thóraí agus Inis Oírr ar an dá chéad rud eile ar an gclár. Tá €25 mhilliún de chaipitil d'airgead oileánda an chéad bhliain eile. Bhí siad i gcónaí chun dul ag titim i mbliana mar go bhfuil cuid mhaith de na tionscadail móra curtha i gcrích. Aisteach go leor, ní hiad na haerstráicí is costaisí le tógáil. Tógann aerstráice €4 mhilliún nó €5 mhilliún, ach tá na céibheanna i bhfad níos daoire mar is eol don Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.