Dáil debates

Wednesday, 15 October 2008

Financial Resolution No. 15: (General) Resumed

 

7:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Based on the realities, my Department could not have expected to receive the same money in 2009 as it received in 2008, and therefore, I had to make some difficult decisions. That was inevitable.

I gcoinne na cinnití sin, tá cinneadh déanta againn na seirbhísí atá ar fáil don ghnáth-phobail a chosaint, chomh fada agus is féidir. Déanfaimid é sin trí chinntiú, chomh fada agus is féidir, go ndéanfar an tsábháil trí laghdú a dhéanamh ar na costais, nó forchostais, a bhaineann leis na scéimeanna a riaradh. Tá sé ráite agam le lá anuas go ndéanfaimid gearradh siar ar na forchostais sin. Déanfaimid cinnte de go leanfaimid ag cur seirbhísí idirghabhála ar fáil do chuid de na pobail is leochailí agus is tábhachtaí sa tír. Déanfar laghdú iomlán de 6% ar Vóta na Roinne. Beidh laghdú de 5% ar mhaoiniú reatha agus laghdú de 8.5% ar mhaoiniú caipitil.

Ainneoin sin, tá na príomh-chláir ag dul ar aghaidh go láidir i gcónaí. Ní bheidh aon laghdú ar an líon daoine — 2,600 i láthair na huaire — fostaithe faoin scéim shóisialta tuaithe, mar shampla. Tá an scéim ag déanamh an-leas don dream atá ag glacadh páirt inti. Freisin, tá sé ag déanamh an-leas dos na pobail tuaithe. Déanfar a thuilleadh forbartha ar an gclár sheirbhísí pobail. Faoi láthair, tá 355 tionscadal á mhaoiniú faoin gclár, agus thart ar 1,800 duine ag obair iontu. Méadófar na figiúrí sin go dtí thart ar 2,100 duine agus 440 tionscadal. Déanfaimid é sin trí bhainistíocht chúramach a dhéanamh ar an airgead. Ar ndóigh, beidh na scéimeanna sin á riaradh an bhliain seo chugainn.

Cuireann mo Roinn airgead ar fáil le haghaidh infreastruchtúr i gcuid de na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste sa tír. Táimid ag caint mar gheall ar mhíbhuntáiste tíreolaíochta i gcás na gceantar tuaithe, agus míbhuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta i gcás na gceantar RAPID. Tá maoiniú ar fáil arís i 2009. Mar shampla, tá €24.5 milliún ar fáil le haghaidh infreastruchtúr faoi CLÁR agus RAPID. Ar ndóigh, bíonn na scéimeanna sin in ann an-chuid airgid eile a tharraingt chucu chun déanamh cinnte de go gcuirfí bun-infreastruchtúr ar fáil sna ceantair éagsúla.

Idir infreastruchtúr Gaeltachta agus oileáin, tá €35 milliún — an méid is mó airgead a chuireadh ar fáil le bliain nó dhó anuas — ar fáil. Leanfar le chuid dos na tionscadail mhóra atá ar bun. I mbliana, táimid ag críochnú na hoibre ollmhóire, idir aerstráiceanna, céanna agus dreideáil, a bhí ar bun ar Inis Bó Finne. Tá an cé nua a thógadh ar Inis Meáin le n-oscailt i gceann míosa. Tá an tionscadal is mó Gaeltachta agus oileánda riamh — leathnú na céibhe ar Inis Mór Árainn — tosnaithe. Is tionscadal gur fiú €40 milliún é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.