Dáil debates

Wednesday, 15 October 2008

Financial Resolution No. 15: (General) Resumed

 

10:30 am

Photo of Brian CowenBrian Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)

Táimid ag dul trí cheann de na tréimhsí is deacra agus is neamhchinnte i gcuimhne go leor daoine. Dá bhrí sin, tá plean a leagan amach sa bhuiséad chun déileála leis na himeachtaí mífhabhracha atá linn faoi láthair. Tá sé mar aidhm againn ord agus muinín a athbhunú in ár n-airgeadas poiblí chun táirgiúlacht a mhéadú agus cosaint a thabhairt do na daoine is mó a theastaíonn sin uathu. Tá roghanna deacra amach romhainn. Caithfimid a bheith cothrom agus buanseasmhach agus muid ag déanamh sin. Thapaigh an Rialtas deis agus thug muid ceannaireacht ó thaobh na polaitíochta de nuair a shocraíomar ar an bhuiséad a thabhairt chun cinn de bhrí go raibh athrú tagtha ar shaol na heacnamaíochta.

I m'óráid bhuiséid i mí na Nollag seo caite, rinne mé tagairt don neamhchinnteacht a bhí ag baint le cúrsaí eacnamaíochta idirnáisiúnta, chomh maith leis an gcúlú a bhí ag tárlu inár dtionscal tógála. Ní léir d'éinne ag an am cé chomh tapa is a thiocfadh an meath domhanda agus baile atá linn anois. Tá córas airgeadais an domhain ina chíorthuathail le cúpla blian anuas. Ós rud é gur geilleagar beag oscailte atá againn sa tír seo, bíonn tionchar níos mó ag droch-chursaí eacnamaíochta domhanda orainn. Tá an cúlú san earnáil tógála níos measa mar gheall ar an ngéarchéim i gcursaí creidmheasa. Tá lagmhisneach ar dhaoine de bharr sin. Ní raibh súil ag aon daoine, fiú na tráchtairí is éadóchasaí, cé chomh tapa agus chomh tromchúiseach is a bheadh an cúlú seo. Mar sin féin, caithfimid smaoineamh go bhfuil Éire ag leanúint ar aghaidh ag mealladh infheistíochta le linn an chúlú domhanda seo. Tá an Rialtas ag cinntiú go leanfar ag cur lena clú mar gheilleagar atá fábhrach do fhiontraíocht agus mar áit tharraingteach d'infheistíocht dhíreach. Is é an rud is tábhachtaí anois ná ár n-airgeadas poiblí a dhaingniú. Níor theip ar an Rialtas seo riamh cinneadh deacair a dhéanamh ar son na tíre, caiteachas a laghdú agus geilleagar na hÉireann a chosaint.

The objectives of budget 2009 are clear. They are to steer Ireland through the global recession brought about by the international crisis on a scale last seen in the 1930s.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.