Dáil debates

Wednesday, 24 September 2008

Electoral (Amendment) Bill 2008: Second Stage (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá lúcháir orm deis a bheith agam cúpla focal a rá ar an mBille seo. Is páirt riachtanach den phróiseas daonlathach agus den phróiseas parlaiminte go gcaithfidh muid Billí mar seo a thabhairt isteach agus a phlé sa Dáil. Cuirim fáilte roimhe mar go bhfuil sé riachtanach. Is iontach an rud é go bhfuil muid ag plé an Bhille seo inniu, an chéad lá dúinn bheith ar ais sa Dáil, cé gur chuir an coimisiún an tuairisc ar fáil beagnach bliain ó shin, Deireadh Fómhair 2007. Inniu táimid ag plé tuairiscí an choimisiúin bliain iomlán i ndiaidh sin. Cé aige atá a fhios an mbeidh ceann eile le plé againn sula mbeidh an chéad toghchán eile againn? Beidh an chéad toghchán eile sa bhliain 2012 agus an daonáireamh againn sa bhliain 2011. Níl a fhios agam an iad seo na teorainn a bhéas againn don chéad toghchán eile agus is fiú cuimhne a bheith againn ar sin. Is cinnte, áfach, gur seo na teorainn a bhéas againn le haghaidh toghchán na hEorpa.

Ba mhaith liom tagairt don mhéad a bhí le rá ag an Teachta Joe Behan. Rinne sé tagairt do Chontae Liatroma agus dúirt gur mór an trua é go bhfuil an contae sin fágtha as an áireamh agus nach bhfuil sé ar a gcumas Teachta Dála dá gcuid féin a thoghadh. Maidir le mo chontae féin, Tír Chonaill, roinnt blianta ó shin bhí mo dháilceantar féin, Tír Chonaill Thiar-Theas, istigh le tuaisceart Liatroma. Chinntigh sin go raibh Teachta Dála ag Contae Liatroma san am sin, cé go raibh sé ina dhá leath. Níl a fhios agam conas is féidir an fhadhb sin a réiteach. Go dtí go mbeidh Teachta Dála dá gcuid féin acu, is cinnte go mbeidh cúis ghearáin acu.

Is maith an rud é go bhfuil coimisiún neamhspleách againn. Ba mhaith liom tréaslú leis na daoine atá ar an gcoimisiún, Cléireach an Tí seo, Ciarán Ó Cochláin; Cléireach an tSeanaid; Deirdre Lane, Rúnaí Ginearálta na Roinne, Geraldine Tallon; agus an Ombudsman, Emily O'Reilly, a shuí i nGailearaí na Nuachtóirí sa Teach seo go mion agus go minic sna blianta atá thart. Bhí an gcoimisiún faoi chathaoirleachas an Bhreithimh Iarfhlaith O'Neill. Téann an bpróiseas sin siar go dtí 1980. Is cuimhin liom go raibh ar an Rialtas na teorainneacha a réiteach roimhe sin. Go minic, bhí ar an Aire é sin a dhéanamh. I 1969, cheap an tAire, Kevin Boland — go ndéanfaidh Dia trócaire air — go raibh na teorainneacha socraithe i gceart aige. Tá sé deacair an dallamullóg a chur ar na daoine, áfach. Bhí athrú Rialtais sa tír seo i 1973, d'ainneoin an aistriú a bhí déanta ar na teorainneacha. Rinne an Rialtas a bhí ann idir 1973 agus 1977 an botún céanna. D'athraigh an tAire Rialtais Áitiúil a bhí ann ag an am, Jim Tully, na dáilcheantair arís. Nuair a tháinig an toghchán i 1977, ní raibh puinn tionchar ag na hathruithe ar thoradh an thoghcháin. Ní féidir an dallamullóg a chur ar na daoine — déanfaidh na daoine an rud is mian leo. Tá dul chun cinn mór déanta ó shin i leith. Tá coimisiún neamhspleách againn ón am sin.

We appreciate that there is an independent commission, though it has been a year since its report, which was a year late. I wonder if what we are discussing today and what is embodied in this Bill will be relevant in 2012 as there will be another census in 2011. This remains to be seen.

There are two constituencies in my county and Donegal South-West seems to always gain territory on Donegal North-East. As far as I am concerned, we in Donegal South-West have now gained Lifford, Raphoe, Ballindrait and down as far as St. Johnston to near Manorcunningham. I welcome these areas to Donegal South-West as the changes indicate that the population of Letterkenny has exploded and that my constituency must get more territory to balance this.

I assure people in these places that I will give them the same service and attention that I have given to the rest of south Donegal in the past 27 years.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.