Dáil debates

Wednesday, 9 July 2008

National Development Plan: Motion (Resumed)

 

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt sa dhíospóireacht seo. Ar ndóigh, tá go leor le phlé agus tá go leor moltaí le déanamh ag an bhFreasúra, cuid acu a bhfuil bunús leo agus cuid eile atá bunaithe ar míthuiscintí maidir leis na fíricí. Tá mé cinnte, má phléimid na fíricí, go mbeidh an bhFreasúra sách mór le hadhmháil nach bhfuil cuid de na rudaí atá ráite acu cruinn.

Tá dualgas ar an Rialtas déanamh cinnte go gcoinneofar srian ar chaiteachas ag am go bhfuil cúlú eacnamaíochta domhanda agus dúshlán nua ann. Á dhéanamh sin, caithfear a chinntiú go ndéanfar cosaint orthu siúd is mó atá faoi bhrú sa phobal. Maidir le mo Roinn féin, tá na sábháiltí ar fad bainteach le cursaí riaracháin agus pá na Roinne agus na háisíneachtaí atá ag obair faoin Roinn. Níl aon athrú ar an méid airgid atá ar fáil le haghaidh na cláir éagsúla atá á reachtáil ag an Roinn. Tá sé seo amhlaidh mar go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le cláir na Roinne atá ag plé le cuid de na pobail is leochailí sa tír agus atá ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil.

Ní shin le rá, áfach, nach mbeidh mé, agus nach bhfuil mé, agus nach bhfuil mo Roinn, ag scrúdú an caiteachas iomlán atá á dhéanamh ag an Roinn féachaint leis an tairbhe is fearr a bhaint as agus freisin féachaint le déanamh cinnte go bhfuil an t-airgead atá á chaitheamh ag an Roinn ag dul chuig na daoine ar an talamh agus go bhfuil a laghad agus is féidir á chaitheamh ar chúrsaí riaracháin nó oraibh súid atá ag riaradh na gcláracha éagsúla. Le bliain nó dhó anuas tá comhtháthú déanta idir an clár Leader agus na comhlachtaí páirtnéireachta. Tá an obair sin curtha i gcrích anois. Céim sa treo ceart é seo. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, cuireadh curamaí Bhord na Leabhar Gaeilge faoi chúram Fhoras na Gaeilge agus ar ndóigh Dé hAoine seo caite rinneadh cinneadh gur faoin bhforas a bhéas riaradh an tionscnaimh Colmcille. Fógraíodh an chúig phost do Ghaoth Dobhair freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.