Dáil debates

Tuesday, 8 July 2008

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ar nós an bheirt Theachta romham, tá mé i gcoinne an srianadh ama atá molta don Bhille seo. Táimid tar éis trí ghilitín den sórt seo a phlé, maidir le trí Billí fíor-thábhachtacha. B'fhéidir go mbeimid in ann déileáil leis na leasuithe lastigh de leathuair a chloig, ach ní chóir go mbeimid ag srianadh an méid ama atá ar fáil. Ba cheart dúinn ligint leis an díospóireacht críochnú ina am féin. Ba chóir dóibh siúd a bhfuil spéis acu san ábhar seo bheith in ann díospóireacht cheart a bheith acu. Nuair atá Teachta ag labhairt sa Teach seo, bheadh sé go deas dá dtaispeánfadh Baill ar na binsí eile béasaí agus dá tabharfaidís éisteacht dom agus d'éinne eile atá ag seasamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.