Dáil debates

Tuesday, 8 July 2008

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Cosúil leis an bheirt Theachta eile, tá mé ag cur i gcoinne an mholta atá os ár gcomhair chun an méid ama a bheidh againn chun plé leis an mBille Deochanna Meisciúla 2008 a shrianadh. Tá an reachtaíocht ag iarraidh déileála le fadhbanna sóisialta agus frith-shóisialta. Ní chóir dúinn deifir a chur ar Chéim an Choiste. Ba cheart go mbeadh níos mó ama ar fáil dúinn. De réir sin, tá mé ag cur i gcoinne an mholta seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.