Dáil debates

Tuesday, 8 July 2008

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá mise i gcoinne an mholta deireadh a chur leis an díospóireacht seo ag an tam luaite, toisc gur An Bille um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath 2008 atá ann. Le breis agus bliain anuas táimid ag fanacht ar an reachtaíocht sa Teach seo. San am sin bhí amanna ann nach raibh aon reachtaíocht againn le plé. Anois, mar is gnáth, tá an Rialtas ag déanamh iarrachta deifir a chur ar an reachtaíocht agus í a bhrú tríd an Teach. Nuair a déantar deifir le reachtaíocht, tarlaíonn botúin. Ní gá dúinn ach féachaint ar na fadhbanna tráchta atá le feiceáil timpeall ar Bhaile Átha Cliath cheana féin chun na botúin a ndearnadh roimhe seo a fheiceáil. Ní cóir dúinn deifir a chur ar phlé an Bille seo ná ar na leasuithe curtha ag Teachtaí ó ghach thaobh den Teach, an tAire san áireamh. Is léiriú na deifre é go bhfuil ar an tAire féin leasuithe a chur ar Chéim na Tuarascála. Tá mise i gcoinne an bhrú seo ar an Bhille anocht gan am ceart a thabhairt dúinn le plé a dhéanamh air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.