Dáil debates

Thursday, 3 July 2008

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: From the Seanad

 

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Bheinn faoi chomaoin ag an gCeann Comhairle dá n-ornódh sé, de réir Bhuan-Ordú 136, do Chléireach na Dála athrú focal a dhéanamh ar thaobh na Gaeilge de leasú Uimh. 1. Ba cheart "1929", in áit "1927", mar bhliain an Achta a luaitear ar thaobh na Gaeilge.

Déanann an chéad leasú a rinne an Seanad fo-alt nua (c) a chur isteach in alt 1(3) den Bhille. Is é cuspóir don leasú ná chun déileála leis an taistriú, nó leis an tathrú, ón Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929 go dtí na forálacha nua sa Bhille. D'ardaigh an Teachta O'Shea an cheist seo níos luaithe, nuair a bhí an Bille os comhair na Dála. Gabhaim buíochas leis an Teachta as glacadh leis an dearbhú ón Aire, an tráth sin, go ndéileálfaí leis an tábhar seo le leasuithe sa Seanad.

Faoi alt 3 d'Acht 1929, ní féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh a cheadú d'aon duine cleachtadh mar abhcóide dlí i gcúirteanna na hÉireann mura mbeidh sé sásta go bhfuil leor-eolas ag an duine sin ar an nGaeilge. D'fhonn an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanann Óstaí an Rí socrú chun scrúdaithe Gaeilge a chur ar siúl gach bliain le haghaidh daoine a bhíonn ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí. Aisghairtear Acht 1929 leis an mBille agus, i measc nithe eile a dhánntear leis an mBille, cuirtear dualgas ar dhaoine a bheidh ag freastal ar an gcúrsa céime abhcóide dlí freastal ar chúrsa teagaisc i dtearmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus i dtuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge.

Maidir le líon beag céimithe de chuid Óstaí an Rí, ó bhlianta a chuaigh thart, ní bheidh éirithe leo sa scrúdú Gaeilge, roimh aisghairm Acht 1929, ar an mBille a achtú. Féadfaidh sé, freisin, nach mbeidh éirithe sa scrúdú Gaeilge, roimh aisghairm Acht 1929, le roinnt mac léinn a bhfuil céim á bhaint amach acu i mbliana. Cuirtear ceanglas leis an mBille ar dhaoine a bheidh ag freastal ar chúrsa céime abhcóide dlí Óstaí an Rí, freastal ar an gcúrsa téarmaíochta dlíthiúla, ach ní dhéantar aon cheanglas den sórt sin i gcómhair daoine a bhfuil an cúrsa céime abhcóide dlí críochnaithe acu cheana féin. Mar thoradh ar sin, ní thiocfaidh céimithe Óstaí an Rí nár éirigh leo sa scrúdú Gaeilge faoi réim an Bhille, nuair a thiocfaidh sé i gníomh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.