Dáil debates

Wednesday, 4 June 2008

Lisbon Reform Treaty Report: Statements

 

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Cé gur ball den Chomhchoiste um Ghrinnscrúdú Eorpach mé, ní luíonn an dtuairisc seo le mo thuairimí nó leis an méid a bhí le rá agam ag an gcoiste. Níor aontaigh mé leis an tuairisc seo nuair a bhí sé os comhair an choiste. Níl aon bhealach ann faoi láthair inar féidir le mion-tuairisc, nó "minority report", a bheith ann. Ní féidir liom é a shoiléiriú ina leithéid de thuairisc go bhfuil mé ina choinne. Agus é sin ráite, déanfaidh mé déileáil leis an méid atá sa tuairisc agus an chomhthéacs ina bhfuilimid ag déileáil leis inniu.

Nuair a bhunaigh an tAontas Eorpach an chomhdháil ar thodhchaí na hEorpa, bhí sé mar aidhm aige saoránaigh a thabhairt níos gaire do institiúidí na hEorpa. De réir na treoracha ghinearálta a thug Comhairle na hEorpa don chomhdháil, bhí dualgas ar an chomhdháil féachaint an raibh gá ann cumhachtaí a thabhairt ar ais go dtí parlaimintí na ballstáit. Bhí ar an chomhdháil bealaí eile chun cumhachtaí nua a bhronnadh ar na ballstáit a lorg. Sainíodh na treoracha sin de thoradh na buartha a bhí ann go raibh fás ag teacht ar an easpa daonlathais, nó democratic deficit, i gcroílár na hEorpa thar na blianta.

Léirigh nádúr mídhaonlathach na comhdhála fhéin, chomh maith leis an slí ina rinneadh iarracht an chomhdháil a dhaingniú, nach raibh spéis ag an tAontas Eorpach déileáil i ndáiríre leis an teaspa daonlathais atá i gcroílár na hEorpa. Measaim nach bhfuil suim ag an tAontas sa bpróiseas sin go fóill. Tá níos mó spéise ag ailtirí lárnacha an próisis na moltaí atá déanta acu a bhrú tríd ná éisteacht le tuaraimí an phobail.

The Green Party Minister for the Environment, Heritage and Local Government, Deputy Gormley, who participated in the convention, was vocal in his criticism at the time. He stated that most of the real negotiations took place behind closed doors, with no vote taken on any of the more than 1,000 amendments offered. Most were never even discussed, according to the Minister. That indicates where the convention started and finished. My party was excluded from the convention, despite requesting a place.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.