Dáil debates

Wednesday, 30 April 2008

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Report and Final Stages

 

11:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Tá sé soiléir nach bhfuil an tAire Stáit nó an tAire sásta glacadh leis na leasuithe seo. Cuireann sin díomá orm. Go dtí an lá atá inniu ann tá córas againn faoi reachtaíocht ó 1929 nach bhfuil ag éirí leis. I Daonáireamh 2006, cuireadh an cheist ar 10,000 abhcóidí agus aturnaetha an raibh siad in ann Gaeilge a labhairt. Dúirt 68% díobh go raibh siad in ann í a labhairt, ach ní ciallaíonn sin aon rud mar sin tuairim an duine faoin a chumas féin. Theip ar an riachtanas éigeantach a bhí againn go dtí seo. An rud atá ag goilliúnt orainne i bPáirtí an Lucht Oibre ná go leanfar leis an éigeantacht faoin reachtaíocht seo mar atá sé. Tá sé soileír, áfach, nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis an leasú. Mar sin féin, tá mé chun é a bhrú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.