Dáil debates

Tuesday, 22 April 2008

Twenty-eighth Amendment of the Constitution Bill 2008: Second Stage (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)

Tá áthas orm labhairt ar son chonradh Liospóin. Níl aon amhras faoi ach gur conradh maith é d'Éirinn. Bhí an-bhaint ag an Rialtas le dréachtáil an chonartha. Saolaíodh an conradh mar bhunreacht an Aontais Eorpaigh i 2004 agus roimhe sin i gCoinbhinsin na hEorpa. Chríochnaíodh na hidirbheartaíochtaí i mBaile Átha Cliath i 2004 faoi uachtaránacht an Taoisigh agus le cabhair mhór óna chomhghleacaithe sa Rialtas. Theip ar reifrinn sa Fhrainc agus san Ollainn ina dhiaidh sin agus rinneadh roinnt athruithe ar ghnéithe éagsúla bunreachtúla, mar a déarfá, agus cuireadh conradh i ndréacht in ionad bhunreachta.

Tá an Bille seo os ár gcomhair chun reifreann a chur i gcríoch. Is dócha gur thug an Ard-Aighne comhairle don Rialtas go bhfuil reifreann riachtanach. Mar sin féin, léigh mé alt spéisiúil sa nuachtán ar maidin ina ndearna an t-údar, léachtóir ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, an argóint nach raibh reifreann riachtanach de réir an Bhunreachta. Níl a fhios agam an bhfuil sin fíor ach is cinnte, más rud é go ndiúltófar don reifreann, go mbeidh muid sa Chúirt Uachtarach amach anseo. Mar sin, measaim go bhfuil riachtanas polaitiúil ann do reifreann.

Tá conradh Liospóin ag iarraidh ról níos tábhachtaí a thabhairt dúinn anseo sa Dáil, agus sa Seanad agus do pharlaimintí ar fud na hEorpa. Tiocfaidh gach togra maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh chugainn anseo sa Dáil. Is féidir a rá go dtagann siad cheana féin, ach gan éifeacht. Má thagann conradh Liospóin i bhfeidhm, agus tá súil agam go dtiocfaidh, beidh dhá chóras ann dúinn — an cárta buí agus an cárta dearg — le cinntiú nach dtéann an tAontas thar a údarás, thar cad atá scríofa sna conarthaí.

Tá an tAontas, de réir an chonartha, bunaithe ar an daonlathas. Feiceann muid sin i bParlaimint na hEorpa. Ní stát nó ollstát é an tAontas, ach grúpa stáit agus náisiúin daonlathacha ón Eoraip. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh daonlathas san Eoraip agus measaim go bhfuil dóthain daonlathais curtha ar fáil sa chonradh. Níl an sórt daonlathais atá againn in Éirinn de dhíth orainn san Eoraip, mar ní stát ná ollstát í, ach grúpa de stáit í. Is daonlathas difriúil atá i gceist. Tá sin tábhachtach. Mar sin, má tá daoine ag lorg tuilleadh daonlathais, caithfear an cheist a chur orthu an bhfuil ollstát uathu.

Gné daonlathach ámhain atá sa chonradh ná an rud ar a dtugtar an achainí ar thionscnamh saoránach. Chun úsáid a bhaint as seo, caithfear milliún sínithe a fháil ó shaoránaigh Eorpacha. Níl dabht ann, ach is figiúr ard é seo. Mar sin féin, nuair a smaoinítear ar donra na hEorpa faoi láthair, is figiúr réasúnta é, go háirithe nuair a glactar go mbaineann sé le gníomhartha an Aontais. An mbeadh an Rialtas sásta an ceart seo a thabhairt dár saoránaigh féin?

Tá a lán díospóireachtaí ar siúl faoi láthair maidir le ról Chomhairle na nAirí, ról Chomhairle na hEorpa agus ár gcumhacht mar thír neamhspleách ar na comhairlí sin. Tá athruithe ag teacht sa chóras vótála atá ag na comhairlí seo. Tá gá leis na hathruithe seo. Tá an tAontas nó an Comhphobal imithe ó sé bhall go 27. Cuid de na nithe is tábhachtaí dúinne ná cúrsaí cánacha, go háirithe an cháin chorporáideach, agus polasaí cosanta an Chomhbheartais Cosanta agus Slándála. Caithfidh gach tír as na 27 tíortha bheith ar aon intinn faoi chúrsaí cosanta. De bharr sin, níl aon bhaol ann dár neodracht. Bíonn an argóint céanna againn le gach reifreann, ach tá cosaint mhaith againn i dtaobh cúrsaí cosanta. Tá veto againn chomh maith agus soláthar an trí ghlas. Má tá an Rialtas ag iarraidh bheith páirteach i bpolasaí cosantach comónta, caithfear reifreann a bheith againn. Caithfidh muintir na hÉireann an cead sin a thabhairt don Rialtas.

Is iad na hargóintí céanna a úsáidtear ag chuile reifreann, an cháin, cúrsaí cosanta agus, arís an uair seo, an ginmhilleadh. Cheap mé nach mbeadh an argóint sin i gceist an uair seo, ach tá sé. Is íoróineach an rud é gur daoine atá sásta ginmhilleadh a bheith ar fáil sa tír seo iad na daoine atá ag úsáid na hargóinte seo chun eagla a chur ar an phobal nach bhfuil sásta ginmhilleadh a bheith ar fáil. Ar nós na rudaí eile a luaigh mé, ní mór dúinn téacs an chonartha a léamh faoi chúrsaí cánacha, cosanta agus an ghinmhillte. Tá an téacs an-shoiléir ina dtaobh.

Déantar an argóint go bhfuil an conradh ró-fhada. Déantar comparáid idir é agus bunreachtaí ar nós ár mBunreacht fhéin agus Bunreacht Mheiriceá. Caithfear an argóint seo a scrios. Ní bunreacht tíre é chonradh Liospóin, ach conradh idir 27 tíortha éagsúla Eorpacha. Deirtear go bhfuil Bunreacht Mheiriceá an-shimplí agus éasca a léamh. Tá argóintí pholaitiúla ar siúl le 200 bhlian anuas maidir le míniú an bhunreachta sin. Fiú sa toghchán uachtaránachta atá ar siúl i Meiriceá faoi láthair, beidh argóintí ar siúl maidir le cé a bhéas mar bhreitheamh ar an gCúirt Uachtarach ann agus faoi na polasaithe a bheidh ag na breithiúna agus iad ag iarraidh míniú a chur ar an mbunreacht sin, de bharr go bhfuil an bunreacht chomh gearr sin. Tarlaíonn an rud céanna anseo. Tá ár mBunreacht an-ghearr agus bíonn ar na breithiúna é a mhíniú go minic.

Mar shampla, tá go leor argóintí ar siúl i Meiriceá i dtaobh an ginmhillte, ach níl ceart ina dtaobh scríofa i mbunreacht Mheiriceá. Thug breithiúna áirithe a míniú féin ar an mbunreacht chun an ceart sin a nochtadh. Sa gcaoi céanna, léigh breithiúna na hÉireann go leor rudaí éagsúla isteach in ár mBunreacht, rudaí maithe don b'hformhór.

Is conradh é seo idir 27 tíortha agus dá bhrí sin, caithfear gach rud a bheith scríofa síos ann. Ní bheidh an European Court of Justice in ann a mhíniú féin a chur ar an gconradh, mar go mbeidh gach rud scríofa ann cheana féin. Beidh na rialacháin ann. Má léann daoine na doiciméid atá curtha ar fáil ag an Rialtas, ag an coimisiún reifrinn, agus ag na páirtí polaitíochta, beidh siad in ann go leor eolais a fháil.

A point was made on meetings and many have been held in the Meath East constituency. It was suggested that Fianna Fáil activists are not promoting the treaty but it is important to put on the record of the House that in my constituency and that of the Acting Chairman we are actively promoting it. We have had a number of meetings and I will hold more public information meetings on the treaty. We have started canvassing for a "Yes" vote and I would say we are one of the first parties to do so. We were knocking on doors this weekend and it is not true to say that Fianna Fáil activists are not working on the ground. The party machine and our activists are more than happy to promote the treaty and give the information that is required.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.