Dáil debates
Thursday, 10 April 2008
Order of Business
10:30 am
Brian Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)
Aontaím le cheannaire an bhFreasúra maidir le cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt. Tá aontas i dTeach Laighin, i gcoitinne, mar gheall ar na polasaithe atá riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh sa Tuaisceart ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus polaitíochta de. Aontaím le gach rud a bhí le rá ag an Teachta Kenny faoi sin.
Maidir leis an Ghaeilge, mar a dúirt mé inné tá sé an-tábhachtach tréan-iarracht a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn chomh maith agus is féidir linn. Cé nach bhfuil an líofacht ag gach Ball den Teach, tá sé mar dhualgas againn an teanga a úsáid chomh minic agus is féidir. Ba cheart dúinn dea-shampla a thabhairt don phobal i gcoitinne ionas go mbeidh iontais ag daoine an méid Ghaeilge atá acu a úsáid go laethúil. Fanfaidh mé mar chathaoirleach an fo-choiste atá luaite os rud é gur ábhar tábhachtach atá i gceist. Déanfaidh mé mo dhícheall, i gcomhoibriú le mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus gach éinne anseo, chun freagraí nua-aimsirthe a fháil a chabhróidh le daoine an Ghaeilge a úsáid níos forleithne ná mar atá séanois.
No comments