Dáil debates

Thursday, 10 April 2008

10:30 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Is é atá i gceist agam ná go bhfuil sé leagtha amach sa chlár Rialtais go mbeidh achoimre nó tuarascáil déanta ar stádas an HSE. An bhfuil sé sin curtha ar bun? An bhfuil an obair sin ar siúl ag an bpointe seo? An mbeidh an tuarascáil tugtha isteach go dtí an Teach san am atá le teacht, i dtreo is go mbeidh díospóireacht againn?

Tá scéal mór sna páipéirí inniu faoi bean ar a dtugtar "bean A" agus an galar nó aicíd a bhí aici. Dúradh leí trí huaire nach raibh tinneas ar bith aici, ach fuair sí scéal ina dhiadh sin gur droch-chás a bhí ann. An bhfuil rud ar bith le rá ag an Aire faoin chás sin, atá sna páipéirí inniu? Níl a fhios agam cén ainm atá uirthi, ach "bean A" a tugtar uirthi sna nuachtáin. Tá deacrachtaí ar leith ann ó thaobh tuarascáil Rebecca O'Malley, a foilsíodh le déanaí, freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.