Dáil debates

Thursday, 10 April 2008

10:30 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Tánaiste, an Teachta Brian Ó Comhain, ar bheith tofa mar cheannaire ar a pháirtí, Páirtí Fianna Fáil. Déanaim comhghairdeas pearsanta leis. Tá fios maith agam, mar cheannaire pháirtí, cén brú a bhíonn ar cheannaire agus a bheidh air. Glacaim go bhfuil jab le déanamh aige agus tuigeann seisean go bhfuil jab le déanamh agamsa.

D'fhéach mé ar an nuacht ar RTE aréir agus de réir an craoltóir náisiúnta is iontach an rud é go bhfuil Aire in ann Gaeilge a labhairt ar feadh níos mó ná nóiméad amháin. Cuireann sin in iúl dúinn cé chomh fada agus atá an teanga titithe, go gcreideann ár gcraoltóirí gur rud mór é seo. Cuireann an dearcadh sin iontas orm mar tá Gaeilge ag cuid eile de na hAirí agus ag Teachtaí eile ar fud an Tí.

Tá mé fíor bhuíoch don Tánaiste as ucht an rud é go labhrann sé Gaeilge. Tá sé mar chathaoirleach ar fochoiste Rialtais atá ag déanamh iniúchadh ar an teanga. Mar a dúirt mé cheana, tá sé scannalach ar fad nach bhfuil téacsleabhair as Gaeilge le fáil ag daltaí na tíre, go mórmhór na daltaí atá ag staidéar trí Ghaeilge amháin. Tá súil agam go ndéanfaidh an Tánaiste rud éigin faoi sin. Freisin, tá an Tánaiste mar chathaoirleach ar an fochoiste atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí Gaeltachta agus limistéir na Gaeltachtaí. Tá tuarascáil ar sin istigh le fada ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Éamon Ó Cuív, agus is mó iad na fadhbanna agus deacrachtaí atá le réiteach uaidh sin. Mar cheannaire an pháirtí agus mar chathaoirleach, go fóill, ar an fhochoiste, tá súil agam go ndíreoidh an Tánaiste isteach ar na fadhbanna sin.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaidh muid chun cuimhne inniu an uair deich bliana ó shin nuair a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Mar pholaiteoir, deirim gur chóir ár mbuíochas a ghlacadh le chuile cheannaire ó chuile pháirtí a rinne iarracht an síochán a fhorbairt. Geallaim don Tánaiste go dtabharfaidh mé chuile cabhair don Rialtas an síochán sin a fhorbairt agus staid eacnamaíochta an Tuaiscirt agus an Deiscirt a fhorbairt freisin. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí é sin a dhéanamh ná difríochtaí polaitiúla ná pearsanta a chothú eadrainn anseo. Níl a fhios agam an mbeidh seo foilsithe as Gaeilge freisin os rud é go bhfuil an teanga mar thosaíocht ag an Tánaiste.

Bhí mé ag éisteacht leis an tOllamh Drumm an lá cheana nuair a dúirt sé go bhfuil easpa suas le €3 mhilliúin ar an HSE ag an bpointe seo. Ós rud é go bhfuil an staid eacnamaíochta níos deacra anois——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.