Dáil debates

Wednesday, 12 March 2008

Capitation Grants: Motion (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Ulick BurkeUlick Burke (Galway East, Fine Gael)

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta Brian Hayes as ucht a chuid ama a thabhairt dom. Cuirim fáilte roimh an rún agus tugaim mo thacaíocht leis.

I dtosach, fáiltím roimh an deontas a cheadaigh an t-Aire Oideachais agus Eolaíochta don phobal scoil nua i Glenamaddy an tseachtain seo caite tar éis cruinniú 500 tuismitheoirí a bhailigh sa halla sa bhaile mór sin, agus tar éis na daoine a bhuail leis an t-Aire i nGaillimh Dé hAoine seo chaite chun an ceist seo a phlé.

Ar an taobh eile, áfach, níl mé sásta beag ná mór leis an gcaoi a bhfuiltear ag déileáil leis na bunscoileanna i ndáilcheantar Gaillimh Thoir. Iarraim ar an Aire athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an scéal agus go háirithe ar na deontais caipitíochta atá le fáil ag na bunscoileanna. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh ar na tuismitheoirí airgead a bhailiú le n-íoc as na gnáthriachtanaisí scoile, mar shampla, solas, árachas agus seirbhisí eile.

Anuas ar sin tá an scéim tógála curtha siar arís agus arís eile. Tá níos mó ná cúig bhunscoil i mo cheantar ag fanacht le dea-scéala le fada an lá, agus i gcás amháin i Killimor, tá deich mbliana caite ó thosaigh an chaint ar obair thógála. De thoradh seo tá an scoil i Craughwell ag cur thar maoile, agus creid nó ná creid, i gcás Eachroime tá an bothar nua idir Bhéal Átha na Slua agus an Gaillimh ag dul tríd an láthair a bhí leagtha amach mar suíomh na scoile sin.

Tuigim go bhfuil airgead á chaitheamh ar scoileanna i mBaile Átha Cliath, ach impím ar an Aire cothrom na féinne a thabhairt dúinn i gContae na Gaillimhe agus féachaint chuige go gceadófar láithreach an obair thógála atá ag teastáil le fada an lá.

The Minister for Education and Science is well aware that research over the past 30 years has shown that the quality of education deteriorates significantly in class sizes of more than 20. Class size is closely linked to the issue of capitation. It is an indictment of the Minister and her failure to deliver on many of her promises on education that charitable organisations must subsidise the running of schools and provision of services.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.