Dáil debates

Wednesday, 12 March 2008

10:30 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

I agree there are few countries that have a day of their own. From that perspective it is always valuable to showcase our own country.

Os rud é go bhfuil muid i lár Seachtain na Gaeilge, déarfaidh mé seo as Gaeilge. Tá a fhios ag an Taoiseach go dtaispeánann an eachtra seo an easaontas atá ann idir an Rialtas agus na daoine ar an taobh seo. Tuige an bhfuil sé riachtanach go mbeadh comhairleoirí speisialta ag taisteal leis na hAirí, os rud é go bhfuil ambasáid againn sna tíortha seo thar lear? Why is it that a doctor puts up €36,000 of his own money today to hire a nurse for a hospital? Nach bhfuil sé fíor go bhfuil easpa €300 mhilliún i mbliana ag an HSE agus go bhfuil deacrachtaí ag baint le cúrsaí leighis i beagnach chuile ospidéal thar fud na tíre? Cosúil leis na ardaithe liúntais a fuair na hAirí féin, agus na costais a bhaineann leis na hAirí ag taisteal chuig na tíortha seo ar fad, taispeánann seo go bhfuil easaontas agus difríocht idir meon an Rialtais agus meon na ndaoine i dtaobh céard atá ag tarlú ar an talamh anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.