Dáil debates
Thursday, 13 December 2007
Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage
2:00 pm
Pat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na Teachtaí go léir ó ghach taobh a ghlac páirt sa díospóireacht fíor-thábhachtach seo ar Bille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2007. Labhair go leor acu i Ghaeilge agus cuirim fáilte roimhe sin.
Ardaíodh go leor pointí agus déanfaidh mé iarracht déileáil leo. Ar dtús, ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun cur síos a dhéanamh ar bheartas an Rialtais i leith an dhátheangachais. Tá sé leagtha amach san ráiteas go n-ullmhófar stráitéis 20 blian, stráitéis meán-tréimhseach, don Gaeilge, bunaithe ar na spriocanna atá leagtha amach san ráiteas sin. Tá sé i gceist go mbeidh an ráiteas-beartas mar bunchloch le haghaidh obair phraiticiúil chun tacú le agus forbairt a dhéanamh ar an Ghaeilge, bunaithe ar chur chuige nua-aimseartha agus ar an stráitéis.
Is é beartas an Rialtas chomh maith, ná flúirseacht agus úsáid na Gaeilge mar theanga phobail a mhéadú ar bhonn céimithe. Is í an phríomh sprioc atá aige ná a cinntiú go mbeidh an oiread dár saoránaigh agus is féidir dhátheangach, le Gaeilge agus Béarla. Ó thaobh na Gaeilge de, tá go leor daoine a bhfuil Gaeilge acu, ach bíonn faitíos orthu uaireanta í a úsáid mar ceapann siad nach bhfuil caighdeán na Gaeilge atá acu maith go leor. Ní ceart go mbeadh an tuairim sin ag éinne. Ba cheart do duine ar bith a bhfuil Gaeilge aige nó aici, fiú amháin Gaeilge briste, í a úsáid.
Tá Éire mar chuid lárnach d'Aontas na hEorpa. Conas is féidir linn ár neamhspleáchas a thaispeáint san Eoraip? An t-aon dóigh gur féidir linn sin a dhéanamh ná trí an Ghaeilge agus ár gcultúr. Is deas an rud é go bhfuil daoine ag dul thar lear agus ag labhairt Gaeilge. Fiú muna bhfuil a fhios ag daoine eile céard atá á rá acu, faigheann siad teachtaireacht gur daoine ó Éirinn iad, tír a bhfuil an Ghaeilge acu mar teanga labhartha. An difear idir muidne agus tíortha eile ná go bhfuil siadsan, na Francaigh, na Gearmánaigh agus daoine ó ghach tír eile san Eoraip iontach mórtasach ó thaobh na teanga de. Ba cheart go mbeadh muidne mar an gcéanna. Tá an Ghaeilge aitheanta anois san Eoraip agus is féidir úsáid a bhaint aisti sa Pharlaimint, i gComhairle na nAirí agus sa Choimisiún. Fiú roimhe seo, bhí go leor de na téacsanna le fáil i Ghaeilge. Dá bhrí sin, is ceart go mbeidh ráiteas againn i leith na Gaeilge do 20 blian ar aghaidh nó mar sin.
Le linn na bliana seo, tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis a bheith i mbun próisis poiblí le sain-chomhairleoirí a fhostú chun cuidiú leis an stráiteas seo a ullmhú. Tá an próiseas seo ag dul ar aghaidh agus ag teacht chun críche. Táthar ag súil go gceapfar na comhairleoirí faoi dheireadh na bliana seo. Táimid ag súil go mbeidh an stráiteas ullmhaithe roimh deireadh na bliana seo chugainn.
Tá riachtanas bunreachtúil i leith na Gaeilge, Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. Cuireann sin dualgas ar an Stát a cinntiú gur féidir le saoránaigh a gcearta bunreachtúla a aidhmiú chun an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí os comhair na cúirteanna. Táimid ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go mbeidh Gaeilge ag go leor dár abhcóidí agus aturnaetha agus go mbeidh cumas acu a gnó a dhéanamh sna cúirteanna. Ní amháin sin, ach go mbeidh siad in ann í a labhairt agus iad ag cur comhairle ar a gcliaint. De ghnáth, baineann na cásanna a ardaítear sa réimse dlí le heaspa cáipéis i nGaeilge.
Ní raibh aon chás go dtí seo inar theip ar duine ar mhian leis nó léi a chás a sheoladh trí Ghaeilge, cé go raibh easpa ionadaíochta agus daoine ann chun gnó a dhéanamh i nGaeilge sna cúirteanna. Anois tabharfar fealsúna agus casaoidí le thuiscint go ndeireann an Stát, na forleatha reachtúla reatha, teangairí a chur ar fáil. Beidh deiseanna i bhfad níos fearr ann do dhaoine anois. Is é atá á dhéanamh againn anseo, agus tá gach taobh den Teach ag tacaíocht leis, ná a cinntiú go mbeidh deiseanna ag daoine dul faoi na scrúduithe, tar éis páirt a ghlacadh sna cúrsaí a bheidh á chur ar fáil ag Ostaí an Rí.
D'ardaigh Teachtaí ceist faoi na cúirteanna sa Ghaeltacht. Tá foláireamh faoi alt 71 de Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924, san méid gur féidir é gach ní a bhaineann leis an saol a chur san áireamh agus go mbeidh ar an bhreitheamh den Chúirt Dúiche, a ceapfar do dhúiche ina bhfuil Gaeilge á n-úsáid go ginearálta, oiread eolas ar an Ghaeilge a bheith aige nó aici chun bheith ar a chumas cás a threorú ó thaobh na teanga agus fianaise a thabairt as Ghaeilge.
Tá an Rialtas ar an eolas faoin gceangal sin agus tugann sé aird cuí air agus daoine á sheoladh chuig na dúichí sin. Más rud é, áfach, nach bhfuil breitheamh sách líofa sa Ghaeilge, d'fhéadfadh uachtarán na Cúirte Dúiche breitheamh inaistrithe a ainmniú chun an chás a éisteacht i nGaeilge. Is nithe a bhaineann le uachtarán na cúirte iad socraithe dáta na breithiúna inaistrithe. Ní cheart dom aon tagairt a dhéanamh do sin. Más mian le duine go ndéanfaí a chás a éisteacht i nGaeilge áit ar bith sa Stát, ní amháin sa Ghaeltacht, is féidir é sin a dhéanamh.
Ba mhaith liom labhairt faoi cheist ábaltacht na Ghaeilge a bheith ag breithimh, srl., atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Aontaím le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Ó Cuív, gur féidir leis an Seirbhís Chúirteanna an cheist sin a chur san áireamh ina phlean teangan. Tá mé sásta go gceanglófar an breitheamh, an cláraitheoir, an cléireach cúirte agus foireann an Seirbhís Chúirteanna le dúichí nó limistéir áirithe Gaeltachta, cosúil le mo cheantar fhéin nó An Rinn i gContae Phort Láirge, cheantar an Teachta Ó Sé. Beidh sé fíor-dheacair muna bhfuil an bhreitheamh a suíonn i ndúiche ceangailte leis an áit sin. Ní bheidh an bhreitheamh in ann é sin a dhéanamh, sa mhéid gur féidir leis, muna bhfuil "pass" faighte sa scrúdú. D'fhéadfaí go mbeidh laghdú ar seirbhíse cúirte do lucht úsáidte. B'fhéidir go mbeidh moill ar iarradh cirt, mar thoradh ar sin. Ó thaobh bainistíocht achmhainní daonra de, beidh sé deacair oibleagáid reachtúil den sórt sin a chuir i bhfeidhm ar chláraitheoirí, cléirigh agus baill foirne eile de chuid an Seirbhís Chúirteanna. Cuireadh sé isteach ar solúbthacht an gcóras dlí, nuair atá foirne cúirte á aimniú agus á aistriú. Tá contúirt ann go mbeidh droch-tionchar ag easpa foirne, mar aon le moill líonadh folúntas, ar lucht úsáidte na cúirte.
Tá súil agam go mbeidh an leasú seo mar dlí chomh luath agus an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh cumas na Gaeilge ag go leor de na daoine óga a rachfaidh isteach mar printíseacha. Gheobhaidh siad an-chuidiú ó thaobh na Ghaeilge de. Beidh cúrsaí ar fáil acu, daoine a thagann ón Ghaeltacht ina measc. Ní gá bheith ón Ghaeltacht chun a bheith cumasach ó thaobh na Gaeilge de. Tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná sna Gaeltachtaí. Bhí an Teachta O'Connor ag caint mar gheall ar áiteanna faoi leith ar fud na tíre. Tá aithne agam ar go leor acadaimh agus aturnaetha sa chathair seo, agus a bhfuil ag déanamh a chuid gnó trí Ghaeilge, a bhfuil scoth na Gaeilge acu.
Beidh deis eile ag na Teachtaí an reachtaíocht seo a phlé ar Chéim an Choiste. Mar a dúirt an Teachta Ó Flannagáin, beidh deis ag Teachtaí na mion-sonraí a scrúdú sa choiste. Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn ata déanta anseo inniu. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach go bhfuil dhá cúrsa i gceist — an chúrsa téarmaíocht dhlíthiúil agus an ard-chúrsa. Ar ndóigh, beidh sé mar dhualgas ar gach éinne an chúrsa téarmaíocht dhlíthiúil a dhéanamh, muna bhfuil an ard-chúrsa á dhéanamh acu.
Gabhaim buíochas le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Gabhaim leithscéal arís thar ceann an Aire — sílim go glacann gach éinne leis nach raibh sé ar chumas an Aire bheith i láthair. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chuir in iúl le oifigigh an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, as ucht an méid a rinne siad ag ullmhú an Bhille, ag cur gach rud le chéile agus ag cuidiú liomsa.
No comments