Dáil debates

Thursday, 13 December 2007

Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage

 

2:00 pm

Photo of Noel TreacyNoel Treacy (Galway East, Fianna Fail)

Is cúis áthais dom an deis a bheith agam labhairt sa díospóireacht seo. Is onóir mór dúinn é a bheith anseo mar ionadaithe agus is pribhléid í a bheith tofa agus a bheith ina Bhall den Oireachtas, mar atá mé anois le cúig bliana fichead.

Tá spéis agam inár teanga náisiúnta oifigiúil, an Ghaeilge, mar is í an tseoid is luachmhaire atá againn. Teanga speisialta, phearsanta í an Ghaeilge don tír. Is cuid de mhór-roinn na hEorpa muid agus tá spéis mhór againn san Eoraip, ach is í ár dteanga agus ár gcultúr a léiríonn an difríocht idir muidne agus na tíortha eile san Eoraip.

Táimid anseo le plé a dhéanamh ar Bhille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2007. Ní maith an rud é gur gá dúinn Bille mar seo a phlé ná gur gá dúinn leasú a thabhairt isteach le haghaidh daoine proifisiúnta a bhíonn ag plé le dlí go lán-aimseartha ar fud na tíre. Cén fáth an bhfuil muid anseo nuair is féidir cáilíocht a bhaint amach sa Ghaeilge tríd an cúrsa oideachais nó tríd an scéim traenála don dlí? Cén fáth gur gá leasú a dhéanamh? Níl a fhios agamsa. B'fhéidir nach bhfuil spéis sa teanga ag na daoine seo. Más ea, ní maith sin don tír.

Tá dualgas orainn níos mó spéise a bheith againn sa teanga náisiúnta. Tá ár dlíodóirí ag plé le gnáth muintir na tíre lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine inár gcúirteanna, ach tá sé soiléir anois nach bhfuil cáilíocht nó taithí sa Ghaeilge acu go léir. Tá fadhbanna ag baint leis na cúrsaí atá ar fáil faoi láthair agus níl mic léinn dlí in ann an caighdeán cuí a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá orainn teacht isteach anseo agus athrú a dhéanamh sa reachtaíocht. Tá súil agam go dtiocfaidh leas agus maitheas as na hathruithe atá á dhéanamh againn. Iarraim ar an Rialtas liosta oifigiúil a fhoilsiú de dhlíodóirí agus abhcóidí ag a bhfuil taithí acu sa Ghaeilge agus a bhfuil in ann gnó a dhéanamh tríthi. Ba chóir go mbeadh an liosta sin ar fáil an bhliain seo chugainn do dhaoine a bhfuil fonn orthu gnó dlí a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ba chóir dúinn béim níos láidre a chur ar an teanga sna Gaeltachtaí, inár gcoláistí agus inár scoileanna. Ba cheart dúinn freisin staidéar cruinn, beacht a dhéanamh ar ár chóras oideachais agus ar an scéim pointí. Ba mhaith an rud é dá mbeadh níos mó pointí le fáil chun daltaí a mhealladh a mbeadh suim láidir acu sa Ghaeilge agus fonn orthu staidéar a dhéanamh san oideachas, sa dlí nó in ábhar eile. Tá go leor airgead caite le blianta fada anuas ag an Rialtas ar chothú na Gaeilge. Níl sé ró-mhaith go bhfuil dualgas orainn teacht isteach anseo chun an athrú seo a dhéanamh ar an chaoi ina oibríonn dlíodóirí agus abhcóidí laistigh de scéim dleathach na tíre. Tá locht sa reachtaíocht nach bhfuil baint amach á dhéanamh go hiomlán. Is trua nach bhfuil daoine óga atá in ann an Ghaeilge a labhairt ag teacht isteach sa chóras dlí. Tá daoine óga le pearsanacht láidir, a úsáideann an Ghaeilge gach lá ina gcuid staidéir, a gcuid cainte agus a gcuid oibre, de dhíth orainn. Tá súil agam go ndéanfaidh an athrú seo an-mhaitheas don teanga. Cabhróidh sé linn an Ghaeilge a leathnú ar fud na tíre, go mórmhór sna háiteanna ina bhfuil seans ag daoine í a labhairt, mar shampla na Hollscoileanna, na coláistí agus na cúirteanna. Tá dualgas ar pholaiteoirí agus daoine eile atá ag obair go lán-aimsirthe sna seirbhísí phoiblí, go háirithe sna cúirteanna, an Ghaeilge a úsáid. Mar shampla, nuair atá an chúirt as tosnú gach maidin, ba cheart don breitheamh atá i gceannas ar an gcúirt é a oscailt go hoifigiúil trí Ghaeilge. Ní mór dó ach cúpla abairt a úsáid. Is féidir leis an rud céanna a dhéanamh sa tráthnóna, nó pé uair a chríochníonn an chúirt don lá. Cuireadh abairt oifigiúil den sórt sin le leas na teanga. Taispeánfadh sé go bhfuil an Rialtas, an Oireachtas agus na seirbhísí phoiblí ag comhoibriú chun béim a chuir ar an gá atá ann tacaíocht níos mó a thabhairt don teanga.

Cé nach bhfuil formhór na ndaoine in ann an teanga a labhairt, tá spéis acu inti. Dá mbeadh seans acu í a labhairt, b'fhéidir go labhróidís í. Tá a lán gaelscoileanna ar fud na tíre. Sna laethanta maithe eacnamaíochta atá againn faoi láthair, tá an-spéis ag cuid mhaith tuismitheoirí i n-oideachais a gclann. Tugann siad seans dá páistí dul go dtí gaelscoileanna chun staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge. Tá a lán eagrais Ghaeilge sa tír, eagrais chultúrtha ina measc. Cé go bhfuil a lán daoine ag obair le chéile ar son an teanga, tá fadhbanna againn le labhairt na teanga. Níl sé sin go maith don tír, don teanga nó don chultúr. Iarraim ar gach éinne — an Aire, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, na hAirí uilig, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí — comhoibriú chun níos mó béim a chur ar an teanga ionas nach mbeidh ar Baill na Tithe seo teacht anseo arís sna blianta atá romhainn chun leasuithe eile den sórt seo a dhéanamh ar dlíthe na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.