Dáil debates
Thursday, 13 December 2007
Legal Practitioners (Irish Language) Bill 2007: Second Stage
11:00 am
Pat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)
I move: "That the Bill be now read a Second Time."
Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta Brian Ó Luineacháin, nach bhfuil ar fáil de dheasca báis gaol leis, molaim go léifear an Bille an dara huair.
Is é is cuspóir don Bhille seo na nithe seo a leanas a chur chun cinn, go mbainfeadh lucht cleachta dlí úsaid níos fearr as an nGaeilge agus go gcuirfí seirbhísí dlíthiúla ar fáil trí Ghaeilge. Foráiltear leis an mBille go mbunóidh Cumann Onórach Ostaí an Rí agus Dlí-Chumann na hÉireann ardchúrsaí staidéir sa Ghaeilge i gcomhair lucht dlí agus go gcuirfidh siad scrúduithe ar siúl ar na cúrsaí sin uair sa bhliain ar a laghad. Tá sé ceaptha go gcuirfidh na cúrsaí ar chumas abhcóidí agus aturnaetha a ngnó a sheoladh trí Ghaeilge. Foráiltear leis an mBille go ndéanfar cláir a chur ar fáil don phobal, ar cláir iad atá le bunú agus le cothabháil ag Ostaí an Rí agus ag an Dlí-Chumann, ina dtabharfar mionsonraí teagmhála na gcleachtóirí sin atá in ann seirbhísí dlí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Beidh cúrsa teagaisc ann, chomh maith, ó Ostaí an Rí agus ón Dlí-Chumann, ar théarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge agus ar thuiscint téacsanna dlíthiúla sa Ghaeilge do gach duine a bheidh ag déanamh an chúrsa céime aturnae dlí agus scrúduithe an Dlí-Chumainn.
Foráiltear leis an Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929, nach bhféadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a cheadú d'aon duine cleachtadh mar abhcóide dlí i gcúirteanna na hÉireann mura mbeidh an Príomh-Bhreitheamh sásta, ó cibé fianaise a ordóidh an Príomh-Bhreitheamh, go bhfuil leoreolas ag an duine sin ar an nGaeilge. Mínitear "leoreolas" mar an méid sin oilteachta i labhairt agus i scríobh na Gaeilge agus is leor chun a chur ar chumas cleachtóra dlí treoracha a ghlacadh, comhairle a thabhairt do chliaint, finnéithe a cheistiú agus imeachtaí sa Ghaeilge a thuiscint go héifeachtúil.
Cé gur ar an bPríomh-Bhreitheamh atá an oibleagáid inniúlacht agus ábaltacht sa Ghaeilge a chinntiú i gcás aon abhcóide ar mian leis nó leí go ndéanfaí é no í a ghlaoch chun an Bharra, níl aon cheanglas ann an Ghaeilge a áireamh mar ábhar roghnach no éigeantach i gcúrsa céime abhcóide dlí Óstaí an Rí. Déantar aon teagasc nó taifead ar inniúlacht atá ag teastáil a thabhairt lasmuigh den chúrsa céime agus déantar é a shocrú ionas gur féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh a fheidhm nó a feidhm reachtúil a chomhlíonadh. Tá an t-Aire sásta go bhfuil sé aimhrialta go mbeadh feidhm den sórt sin ag an bPríomh-Bhreitheamh sa saol atá inniu ann agus go dtarraingíonn oibriú an Achta féin an iomarca aimhrialtachtaí. Déantar socrú leis an mBille chun Acht 1929 a aisghairm agus cuirtear roinnt mhaith de moltaí Óstaí an Rí i bhfeidhm.
Tá an Rialtas ar aon intinn leis an Aire gur féidir na socruithe atá ann faoi láthair a fheabhsú leis an cuspóir seo a leanas a bhaint amach: a chinntiú go mbeidh daoine ar mian leo a gceart bunreachtúil a fheidhmiú chun Gaeilge a úsáid in imeachtaí os comhair na gcúirteanna in ann sin a dhéanamh. Creideann an tAire go gcuirfidh na rudaí atá leagtha amach sa Bhille feabhas ar an scéal trí chur leis an oiliúint sa Ghaeilge d'abhcóidí agus d'aturnaetha araon agus gur cheart go gcinnteoidís ábaltacht sa Ghaeilge do níos mó gairmithe dlí ná mar a dhéantar leis na socruithe atá ann i láthair na huaire.
Is eol don Teach go ndearnadh teanga oibre agus oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh den Ghaeilge ar 1 Eanáir 2007. Ceanglaítear le nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh go bhfíoródh dlí-theangeolaithe reachtaíocht sna teangacha oifigiúla go léir, an Ghaeilge san áireamh, sula féidir leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa téacsanna a ghlacadh. Tá áthas ar an Aire a thuairisciú go bhfuil a chomhghleacaí sa Rialtas, an tAire, an Teachta Ó Cuív, tar éis cúrsa oiliúna ar leith a fhorbairt, i gcomhar le hÓstaí an Rí, atá ceaptha chun a chur ar chumas rannpháirtithe bheith ina ndlí-theangeolaithe sa Ghaeilge. Tá an cúrsa faoi lánseol cheana féin agus táthar ag súil leis go mbeidh rannpháirtithe a n-éiríonn leo ar fáil chun dul faoi scrúduithe roghnúcháin an Aontais Eorpaigh ó dheireadh na bliana seo amach. Tuigtear don Aire, chomh maith, go bhfuil an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair le hÓstaí an Rí ar chúrsa abhcóide dlí a fhorbairt, ar cúrsa é a mhúinfear go hiomlán trí Ghaeilge.
Bhí feidhm ag Acht 1929, chomh maith, maidir le haturnaetha dlí go dtí gur tugadh socruithe nua isteach san Acht Aturnaethe 1954. Le cáiliú chun a nglactha mar aturnaetha, ceanglaítear le hAcht 1954 ar mhic léinn dhá scrúdú sa Ghaeilge a dhéanamh. Baineann an chéad scrúdú le daoine atá ag iarraidh dul faoi cheangal dintiúirí printíseachta, agus baineann an dara ceann le daoine ar mian leo go ndeanfaí iad a ghlacadh mar aturnaetha. Is é is cuspóir don dara scrúdú a chinntiú "go bhfuil eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a ghnóthós é, is é sin le rá, an inniúlacht sin ar labhairt agus ar scríobh na teangan is leor chun a chur ar chumas aturnae, le héifeacht, teagasc a ghlacadh, cliaint a chomhairliú, finnéithe a cheistiú agus imeachta a thuiscint i nGaeilge". Is ionann an tástáil ábaltacht seo agus an ceann a úsáidtear in Acht 1929 i gcomhair abhcóidí.
Faoi láthair, ní chuireann an Dlí-Chumann féin teagasc sa Ghaeilge ar fáil do phrintísigh aturnae. Cuimsítear trialacha scríofa ar théacsanna forordaithe nach bhfuil aon bhaint acu leis an dlí, aistí ar ábhair laethúla agus trialacha béil ar inniúlacht sa Ghaeilge sa dá scrúdú. Tá sé ar intinn ag an Aire roinnt comhréireachta a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais ábaltachta i gcomhair abhcóidí agus aturnaetha araon. Dá bhrí sin, leasófar leis an mBille, chomh maith, na ceanglais reachtúla i gcomhair ábaltacht sa Ghaeilge d'aturnaetha.
D'iarr an tAire orm an Bille Comhaltaí Príobháideacha atá os comhair an Tí in ainm an Teachta Brian Ó Sé a lua ag an phointe seo. Cé go n-aithníonn an Bille sin, dáiríre, uireasa sa dlí atá ann faoi láthair, ní dhéanann sé socrú ar bhealach ar bith maidir le rogha cheart, agus tá sé gann ar mhionsonraí. Is cinnte, dar leis an Aire, go dtagann forálacha an Bhille salach ar bheartas an Rialtais i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus, go háirithe, aidhm an Rialtais — a chinntiú go mbeidh daoine ar mian leo leas a bhaint as seirbhís dlí trí Ghaeilge in ann sin a dhéanamh.
Tá príomh-mhionsonraí an Bhille in ailt 1 agus 2. Baineann alt 1 le forálacha i gcomhair abhcóidí dlí. Foráiltear leis an alt go dtabharfaidh comhairle Óstaí an Rí aird ar bheartas an Rialtais maidir leis an dátheangachas agus go ndéanfaidh sí gach beart réasúnach chun a chinntiú go mbeidh líon sásúil abhcóidí dlí in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge — fo-alt 2.
Creideann an tAire go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh sainchúrsaí sa Ghaeilge ar fáil do gach gairmí dlí, cuma an mian leis nó leí an dlí a chleachtadh tríd an teanga nó nach mian. Ar an ábhar sin, tá socrú déanta aige i bhfo-alt 3 go gcuirfidh Óstaí an Rí cúrsa ar théarmaíocht dhlíthiúil na Gaeilge ar siúl do mhic léinn a bheidh ag dul i mbun cúrsa céime abhcóide dlí. Beidh an cúrsa ceaptha chun a chur ar chumas cleachtóirí cineál na seirbhíse a bheidh á lorg a shainaithint agus, más cuí, tarchur chuig cleachtóir a bheidh inniúil ar sheirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge a éascú — fo-alt 3(a). Is eol don Aire go mbeidh roinnt daoine ann a bheidh i mbun staidéir i gcomhair céime abhcóide dlí agus a mbeidh, ar dháta aisghairthe an Achta Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929, téarmaí alt 3 den Acht sin comhlíonta acu agus, sna cásanna sin, measfar go mbeidh na daoine sin tar éis freastal ar an gcúrsa ar an téarmaíocht dhlíthiúil — fo-alt 3(b).
I gcomhair na ndaoine ar mian leo an dlí a chleachtadh trí mheán na Gaeilge, foráiltear ina dhiaidh sin san alt go gcinnteoidh Comhairle Óstaí an Rí go n-áireofar ardchúrsa ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge mar ábhar roghnach sa chúrsa abhcóide dlí — fo-alt 4. Beidh an t-ardchúrsa sin ar oscailt do dhaoine eile nach mic léinn iad ach ar mian leo inniúlacht a bhaint amach a chuirfidh ar a gcumas an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge — fo-alt 5. Creideann an tAire go bhfuil ciall lena chinntiú go mbeadh leibhéal réasúnach inniúlachta sa Ghaeilge ag daoine a bheidh ag déanamh iarratais chun fáil isteach ar an ardchúrsa sa Ghaeilge. Ar an ábhar sin, foráiltear le fo-alt 6 go bhféadfaidh sé go gceanglófar ar na daoine sin a léiriú d'Óstaí an Rí go bhfuil leibhéal inniúlachta acu sa Ghaeilge cheana féin. Ar ndóigh, caithfidh meicníocht éigin a bheith ann trínar féidir cumas daoine a bheidh ag freastal ar an ardchúrsa sa Ghaeilge a thomhas. Chuige sin, foráiltear le fo-alt 7 go gcuirfidh Óstaí an Rí scrúdú ar siúl i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge uair sa bhliain ar a laghad. Ní cheadófar ach do na daoine sin a mbeidh an t-ardchúrsa déanta acu an scrúdú a dhéanamh — fo-alt 8. Creideann an tAire go bhfuil sé den riachtanas go gcuirfear in iúl don phobal go bhfuil ar chumas cleachtóirí dlí áirithe seirbhísí dlí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar sin, tá sé foráilte aige i bhfo-alt 9 go ndeánfaidh Óstaí an Rí clár, ar a dtabharfar clár na Gaeilge (Óstaí an Rí), a bhunú agus a chothabháil.
Foráiltear thairis sin san alt go ndeánfaidh comhairle Óstaí an Rí ainm agus mionsonraí teagmhála abhcóidí dlí a mbeidh éirithe leo sa scrúdú a thaifeadadh sa chlár — fo-alt 10. Foráiltear leis an alt go gcaithfear an clár a choimeád cothrom le dáta agus go gcaithfear cóip den chlár a chur ar fáil don Dlí-Chumann — fo-alt 11. Ní mór an clár a bheith ar oscailt don phobal, chomh maith, agus a bheith foilsithe ar láithreán gréasáin Óstaí an Rí — fo-alt 12. Cinnteoidh na forálacha seo go gcraobhscaoilfear ábhar an chláir, agus go dtuigfear é a bheith ann chomh forleathan agus is féidir. Ar deireadh, foráiltear leis an alt go ndéanfar tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar bhonn bliantúil i dtaca le hoibriú an ailt sa bhliain roimhe sin — fo-alt 13.
Baineann alt 2 den Bhille le ábaltacht Ghaeilge d'aturnaetha. Déantar fo-alt nua — 2A — a chur isteach in alt 40 den Acht Aturnaethe 1954. Teastaíonn ón Aire go mbeadh na forálacha a bhaineann le haturnaetha ar aon dul, tríd is tríd, leis na forálacha a bhaineann le habhcóidí. Go búnusach, déanann alt 2 na forálacha atá in alt 1 den Bhille a scáthánú. Foráiltear leis an alt go dtabharfaidh an Dlí-Chumann aird ar bheartas an Rialtais maidir leis an dátheangachas agus go ndeánfaidh sé gach beart réasúnach chun a chinntiú go mbeidh líon sásúil aturnaetha in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge. Ina theannta sin, cuirfidh an Dlí-Chumann cúrsa ar fáil ar théarmaíocht dhlíthiúil trí Ghaeilge ionas go mbeidh cleachtóirí in ann cineál na seirbhíse a bheidh á lorg a aithint agus, mas gá, daoine a sheoladh ar aghaidh chun déanamh cinnte go bhfuil an Ghaeilge go líofa ag cleachtóirí.
Maidir le daoine a bheidh ag gabháil don chúrsa cleachtais ghairmiúil agus a mbeidh, ar dháta thosach feidhme an ailt, éirithe leo sa dá scrúdú sa Ghaeilge dá bhforáiltear le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 40(3) den Acht Aturnaethe 1954, measfar go mbeidh siad tar éis freastal ar an gcúrsa ar an téarmaíocht dhlíthiúil. I gcomhair na ndaoine sin ar mian leo seirbhís dlí a chur ar fáil trí Ghaeilge, foráiltear leis an alt go gcinnteoidh an Dlí-Chumann go n-áireofar ardchúrsa ar chleachtadh an dlí trí Ghaeilge mar ábhar roghnach i gcomhair daoine a bheidh ag gabháil don chúrsa cleachtais ghairmiúil. Beidh an t-ardchúrsa seo ar oscailt do dhaoine eile nach mic léinn iad ach ar mian leo inniúlacht a bhaint amach a chuirfidh ar a gcumas an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge. Féadfaidh sé go n-iarrfar ar dhaoine a bheidh ag déanamh iarratais chun fáil isteach ar an ardchúrsa sa Ghaeilge a léiriú don chumann go bhfuil leibhéal inniúlachta acu sa Ghaeilge cheana féin.
Tá sé i gceist go gcuirfidh an Dlí-Chumann scrúdú ar siúl i gcleachtadh an dlí trí Ghaeilge uair sa bhliain ar a laghad. Ní ceadófar ach do daoine a mbeidh an t-ardchúrsa déanta acu an scrúdú a dhéanamh. Foráiltear ina dhiaidh sin san alt go ndeánfaidh an Dlí-Chumann clár, ar a dtabharfar clár na Gaeilge (An Dlí-Chumann), a bhunú agus a chothabháil. Déanfaidh an cumann ainm agus mionsonraí teagmhála aturnaetha a mbeidh éirithe leo sa scrúdú a thaifeadadh sa chlár agus cinnteoidh sé go gcaithfear an clár a choimeád cothrom le dáta agus cóip den chlár a chur ar fáil d'Óstaí an Rí. Ní mór don chlár a bheith ar oscailt don phobal, chomh maith, agus a bheith foilsithe ar láithreán gréasáin an Dlí-Chumainn. Déanfar tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiríthe Dlí ar bhonn bliantúil i dtaca le hoibriú an ailt sa bhliain roimhe sin. Déantar fo-alt 40(3) den Acht Aturnaethe 1954 a scriosadh. Foráiltear le halt 3 den Bhille go n-aisghairtear an tAcht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929. Is rud caighdeánach atá in alt 4 atá ag déileáil le gearrtheideal an Bhille, le forálacha maidir le tosach feidhme agus leis an gcomhlua.
Tá an Rialtas dáiríre sa Bhille seo ar an nGaeilge a éascú agus a chur chun cinn inár gcóras dlí. Tá an tAire cinnte de go dtiocfaidh feabhas suntasach ar mhúineadh na Gaeilge ag Ostaí an Rí agus ag an Dlí-Chumann de na forálacha atá sa Bhille seo. Tá sé cinnte gur fearr a chinnteoidh an Bille go mbeidh go leor aturnaetha agus abhcóidí ar fáil chun seirbhísí dlí i nGaeilge a chur ar fáil d'aon chliaint a mbeidh na seirbhísí sin ag teastáil uathu. Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiríthe Dlí, molaim an Bille don Teach.
No comments