Dáil debates
Thursday, 6 December 2007
Financial Resolution No. 5: General (Resumed)
7:00 pm
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
I propose to share time with Deputies Michael McGrath and Cyprian Brady, with the permission of the House.
Tá an-áthas orm labhairt anseo ar son na cáinfhaisnéise a chur an Tánaiste le chéile inné. Tá cruth maith ar an ngeilleagar a bhfuil again inniu in Éirinn. Níl an geilleagear ag fás chomh tapaidh is a bhí sé cheana ach tá sé fós ag fás, agus go tapaidh má dhéantar comparáid le tíortha eile cóngarach linn. Tá cuspóirí an Tánaiste le feiceáil ins an gcáinfhaisnéis. Tá orainn infheistíocht a dhéanamh don todhchaí, an bhochtaineacht a laghdú, fiontar a chothú, obair a chúiteamh agus, go háirithe, an chomhshaol a chaomhnú agus a sabháil.
Chun an bhochtaineacht a laghdú agus daoine inleonta a chabhrú, feicimid, mar shampla, méadú de 17% ar chreidmheas cánach do churamóirí. Feicimid méaduithe suntasacha ar an réimse leathan do leasa sóisialta, freisin, agus tá go leor samplaí eile ann. Chun obair a chur chun cinn, feicimid go ndearna an Tánaiste cinnte de go gcoinneofar daoine ar phá íseal ó cháin ioncaim ar chor ar bith. Bainfear 39,000 díobh siúd as an eanga cánach, coinneofar daoine ar mheánphá as an ráta ard cánach agus tá na rudaí sin an-tábhachtach don méid mór daoine. Tá an obair seo ag dul chun cinn os rud é gur leathnaigh an Tánaiste na bandaí cánacha tríd na réimsí go léir. Aontaím le seo.
Thacaigh an Tánaiste le húineirí agus ceannaitheoirí tithe agus leis an tionscal tithíochta inné, agus tá an tionscal sin an-tábhachtach don tír seo. Bhí lucht an Fhreasúra ag cáineadh ár bpolasaí maidir le dleacht stampa i rith na mbliana seo agus is deacair a thuiscint cén fáth atá siad á gcáineadh anois, go háirithe nuair a bhfuil an Tánaiste ag gníomh ag an am ceart agus nuair atá an margadh ag lorg cabhair. Is féidir comparáid a dhéanamh leis an mbliain seo caite nuair a bhí an baol ann go gcuideodh athrú mar seo le boilsciú phraghais tithe. Feicfear i mo thuairimse, gur Tánaiste ciallmhar agus críonna a bhfuil ann.
Measaim gurb é an rud is tábhachtaí maidir leis an athstructurú seo maidir le dleacht stampa ná go bhfuil an córas i bhfad níos simplí. Feicimid an t-am ar fad nuair a bhíonn córas cáin níos simplí go mbíonn fonn ar níos mó daoine é a íoc. Beidh sé éasca an dleacht stampa a thuiscint anois agus cabhróidh sé seo le daoine atá ag iarraidh tithe a cheannach agus leis an margadh go ginearálta.
Nuair atá rátaí úis níos airde ná mar a bhí siad le cúpla bliain anuas, agus leis an gcumhacht sin chun rátaí úis a árdú nó a ísliú anois imithe go dtí an Eoraip, lenár gceadúnas caithfear a rá, tá sé an-tábhactach go gcabhródh an Tánaiste le daoine ar nós mé féin, caithfidh mé a admháil, a bhfuil ag íoc ar ais morgáistí móra. Tá mórán daoine óga ins an dtreo sin. Feicimid méadú mór ar an uasteorainn faoiseamh úis ar mhortgáiste do chéad-cheannaithóirí. Tá a lán céad-ceannaitheoirí i mo dháilcheantair fhéin agus beidh an-áthas orthu go léir. Beidh an-mheas acu ar an dTánaiste mar gheall air.
Molaim go háirithe freisin méadu sa phinsin Stáit. Is é seo an chéad méadú a bhfaighidh pinsineoirí idir seo agus an chéad olltoghcháin eile agus tá siad go léir ag súil leis an €300 sa tseachtain a mbeidh siad ag baint úsáid as.
Maidir le caiteachas, molaim go mór an méadú d'oideachas ach aithním go mbeidh brú mór ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir le scoileanna nua sna ceantair ar nós mo cheantair fhéin atá ag méadú go tapaidh. Beidh scuaine mór ó mo cheantar fhéin ag súil le deá-sceal on Aire maidir le foirgnimh nua go luath.
Maidir leis an dtimpeallacht agus an gcomhshaol, aithním gurb é seo an chéad bhuiséad carbóineach agus is lá tábhachtach é mar gheall ar seo. Molaim obair an Taoisigh i leith na timpeallachta le fada an lá.
I shall speak in English as regards VAT and property because this is too complicated to try to translate into Irish.
No comments