Dáil debates
Wednesday, 5 December 2007
Irish Language.
1:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tá dhá cheist ghairide agam. Maidir leis an ghaelscolaíocht agus an tumoideachas, an bhféadfadh an t-Aire a chur in iúil dúinn an bhfuil aon dearcadh, aon bharúil nó aon tuairim aige maidir leis an cheist chonspóideach seo?
Rinne an t-Aire tagairt do choistí agus fochoistí maidir leis an Ghaeilge. An bhféadfadh an t-Aire a chur in iúil cé mhéad cruinniú a bhí ag an chomhchoiste den Chomh-Aireacht a cuireadh ar bun chun plean na Gaeilge a chur chun cinn? An raibh aon chruinniú acu, an raibh cupla cruinniú acu nó cé mhéad cruinniú a bhí acu?
No comments