Dáil debates

Wednesday, 14 November 2007

Transport 21: Statements.

 

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Bhí nuacht diúltach ag an Rialtas arís an tseachtain seo caite maidir le Transport 21, an phlean mór a d'fhógraigh an iar-Aire Iompair dhá bhliain ó shin. Léiríodh don domhain cé chomh fada siar atá forálacha móra an Rialtas imithe. Ní bheidh scéim ar bith as Transport 21, nach mór, críochnaithe taobh istigh den am a shonraítear. Tá an Rialtas tar éis praiseach iomlán a dhéanamh den phlean, os rud é go bhfuil sé tite chomh fada siar. Tá athruithe sonracha déanta ar mórán de na dátaí críochnaithe a leagadh amach dos na tionscadail móra. B'fhéidir go raibh an Rialtas beagáinín ro-thapaidh chun an chaoi ina n-éireódh leo Transport 21 a chomhlíonadh a mholadh. Is dóigh liom gur ar bhonn polaitíochta agus toghchánaíochta a chuir an Rialtas an phlean seo faoi bhráid an phobail agus a ndúirt Airí go mbeidís in ann an phlean a thabhairt chun críoch. In ainneoin an méid a dúirt an Rialtas ag an am, tá formhór an phlean dírithe ar an ngluaisteán in ionad córais iompair phoiblí. Muna ndíreoimid ar iompair phoiblí, cuirfimid leis an plódú tráchta agus loitiméireacht timpeallachta ata ag tarlú le tamall fada ar fud na tíre. Ní cheart dúinn bóithre a thógáil do gluaisteáin príobháideacha amháin. Le déanaí, táimid ag tabhairt cead do comhlachtaí príobháideacha bóithre a thógáil ionas gur féidir leo dolaí, nó tolls, a bhaint uathu siúd atá ag úsáid na bealaí úd.

In ainneoin an fás mór eacnamaíochta a chonaiceamar le roinnt blianta anuas, níl an Rialtas tar éis airgead oibrithe na tíre seo a chaitheamh i gceart. Bhí Fianna Fáil i gceannas ar na trí Rialtais is déanaí. Ba chóir go mbeadh córas iompair phoiblí againn a bheimid bródúil as. Ba cheart dúinn áiseanna taistil tapaidh, glan agus éifeachtach a bheith againn. Ní chóir go mbeadh sé ró-dhaor — ba cheart don chuid is mó den phobal bheith in ann íoc as turasanna bunúsacha. Dá mbeadh a leithéid de sheirbhís againn, bheadh i bhfad nios mó daoine sásta an chóras phoiblí a úsáid agus bheadh saol níos fearr ag a bhformhór. In ionad é sin, áfach, tá praiseach againn. Tá an córas ag titim as a chéile faoin brú leanúnach atá á chuir ar. Níl daoine in ann dul ag obair nó páistí a thógaint ar scoil ar an gcóras iompair poiblí de bharr an easpa pleanála a tharla thar na blianta. Tá tionchar ró-mhór ag gluaisteáin i bpolasaithe an Rialtais. Tá an Rialtas ró-dhíograiseach chun bóithre a thógáil.

Glacann gach éinne leis nach bhfuil córais taistil saor. Ní foláir dúinn airgead a chaitheamh orthu gan a bheith cinnte go mairfidh siad thar na blianta. Ní fiú airgead a infheistiú san earnáil iompair muna mbeidh saol fada ag an infrastruchtúr. Tá i bhfad nios mó daoine gafa i plódú tráchta, nó ag fanacht do busanna nach bhfuil ag teacht, in ainneoin an caiteachas atá déanta. Léiríonn sé sin go bhfuil an Rialtas tar éis caiteachas mícheart a dhéanamh le tamall de bhlianta anuas. Caithfimid athrú a dhéanamh. Tá seans fós ag an Rialtas beagáinín difríocht a dhéanamh. Más féidir linn díriú isteach ar roinnt de na smaointe atá i Transport 21, ba chóir duinn féachaint go háirithe orthu siúd a bhaineann le córais iompair phoiblí. B'fhéidir gur féidir linn iad a thabhairt i gcrích go hiomlán, gan bheith ag braith ar príobháidiú. Ba cheart dúinn déanamh cinnte de go bhfuil metro ceart againn, atá saor agus ar úinéireacht phoiblí ar nós Paris nó Zurich. Níl córas príobháideach, ar nós Luas nó a leithéad, á lorg againn. Ba chóir go rithfeadh an Stáit na córais seo ar fad, faoi comhlacht ar nós Córas Iompair Éireann. Tá sé in am dúinn bheith in ann an ticéad ceanainn céanna a úsáid an lá ar fad ar gach uile chuid den chóras taistil phoiblí — an Luas, an metro, an DART nó na busanna. Is scannal mór é nach bhfuil córas den shórt sin againn, ar nós na córais in a lán cathracha eile.

Aithním gur dhein an Rialtas beagán infheistiú i mbusanna na cathrach seo, ach níl go leor déanta go fóill. Tháinig an méid a dhein siad i bhfad ró-dhéanach chun difríocht a dhéanamh ar na fadhbanna tráchta atá againn. Má táimid chun impí ar dhaoine a ghluaisteáin a fhágaint ina dhiadh, caithfimid an loingeas bhus a dhúbailt thar oíche. Tá sé sin riachtanach chun déileáil leis an fás mór atá tagtha ar mBaile Átha Cliath. Mar a dúirt mé níos luaithe, ba chóir go mbeadh Bus Átha Cliath freagrach as na mbusanna go léir. Tá formhór na ndaoine i gCorcaigh, Luimneach agus áiteanna eile ag brath ar Bus Éireann — dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó busanna ag an gcomhlacht sin. Ní fiú lánaí bus a sholáthair muna bhfuil go leor busanna ann chun úsáid a bhaint astu. Tá mé tar éis roinnt stuif a chloisint le tamall anuas maidir leis na busanna nua. Tá seans ann go bhfuil na busanna nua a cheannaigh an Rialtas dainséarach. Tá súil agam go ndéanfaidh an Aire cinnte de nach bhfuil na busanna atá á úsáid ag muintir Bhaile Átha Cliath níos dainséaraí ná aon busanna eile. Chuala mé le déanaí go bhfuil fadhbanna móra ag baint le coscáin na mbusanna úd.

Tá praiseach iomlán déanta againn ar an M50 ó thús deireadh. Ní chóir go mbeadh dóla air. Bhí an mótarbhealach ró-cúng nuair a thógadh é i dtosach. Táimid ag déileáil faoi láthair le leathnú na bóithre, ach tá sé ag tógaint an iomarca ama. Ba chóir go mbeadh deifir ar an gcomhlacht atá ag déanamh an leathnú. Ní féidir le pobal Bhaile Átha Cliath — nó pobal na tíre, fiú, cé go n-úsáideann daoine ó gach páirt den tír an M50 nuair a thagann siad go Baile Átha Cliath — fanacht mórán níos faide. Cén fáth nach féidir leis an gcomhlacht úd a chuid oibre a dhéanamh 24 uair sa lá? Is tionscnamh mór millteanach é seo, a bhaineann le saol eacnamaíochta na tíre. Tá príomh-mótarbhealach na tíre faoi snaidhm de bharr an praiseach a dhéanadh agus ata fós ann.

Ba mhaith liom díriú isteach ar cúpla rud eile, ar nós córas iarnróid na tíre seo. Nílimid ag baint tairbhe iomlán as an eangach úd. Ba chóir dúinn níos mó infheistíocht a dhéanamh san eangach sin, ionas go mbeidh níos mó traenacha timpeall na tíre. Teastaíonn uaim go mbeidh gach ceantar in ann brath ar chóras iarnróid atá éifeachtach agus poiblí, seachas bheith as brath ar trucailí ag dul timpeall na tíre. Tá a fhios againn mar gheall ar an dainséar a bhaineann le trucailí ag tiomáint trí bailte beaga.

Mar focal scoir, labhróidh mé faoi na seirbhísí taistil scoile. Ba chóir go mbeadh i bhfad nios mó busanna ann do pháistí atá ag freastal ar scoileanna ionas gur féidir linn impí ar tuismitheoirí a ghluaisteáin a fhágaint sa bhaile agus an dainséar lena mbuaileann páistí agus iad ag dul ar scoil gach lá a laghdú. Ba cheart go mbeidís in ann dul ar bus chomh láithreach is a fhágann siad an scoil gach lá chun a bheith tógtha abhaile slán sábháilte. Tá a lán obair le déanamh. Ní creidim go bhfuil an Rialtas in ann an obair seo a dhéanamh i gceart sa chaoi atá riachtanach san am amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.