Dáil debates

Thursday, 8 November 2007

1:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá sé tráthúil go bhfuil muid ag déileáil leis seo. Níl an tuarascáil léite ina iomlán agam, tá sé beagáinín ró-fhada le léamh i gceann cúig nó sé lá ach tá a lán ann ba chóir dúinn machnamh an-dhian a dhéanamh air. Is gá dúinn gníomhú go práinneach uirthi.

Tá sé leagtha amach go soiléir sa chuid atá léite agam go dtí seo go bhfuil cruachás ann ó thaobh na Gaeltachta de agus todhchaí na Gaeilge sna ceantair sin. Tá údair na tuairisce ag brath orainn agus tá dúshlán tugtha dúinn gníomhú go práinneach dá réir mar tá cruachás ann agus caithfimid gníomhú tapaidh a dhéanamh. Tá sé luaite sa tuarascáil go bhfuil tréimhse de deich nó 15 bliana againn chun roinnt den chreimeadh agus den mheath atá ag teacht ar phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht a athrú go bhfásfaidh an líon Gaeilgeoirí a úsáideann an Ghaeilge chuile lá sa Ghaeltacht.

Is trua liom an sórt cacamais a chuala mé ón Teachta romham faoin Ghaeilge agus faoi chaiteachas uirthi. Is trua go dtarlaíonn sin go leanúnach, ní amháin anseo ach lasmuigh fosta. Aon airgead a chaitear ar an Ghaeilge, is ar son leasa na Gaeilge é. B'fhéidir gur féidir é a chaitheamh níos fearr beagáinín ach sa deireadh is cóir dúinn i bhfad níos mó a chaitheamh ar shlánú na Gaeilge i gceart.

Is trua go bhfuil muid fós ag an staid a bhfuil an Ghaeltacht ag dul i laige ann in ainneoin polasaí an Stáit ó thús an Ghaeilge a athbheochan agus sochaí dátheangach a bhunú, nó ar a laghad go mbeadh stádas ag an Ghaeilge. Theip ar an Stát agus is féidir seo a léiriú trí staid na Gaeltachta a mheas. Tá cinnte iontacha déanta maidir leis an Ghaeilge thar na blianta, ach níor cuireadh na hacmhainní cuí leis na chinnte sin. Freisin, níor dhéileáil éinne riamh leis an naimhdeas a tháinig ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta le tamall de bhlianta maidir leis an Ghaeilge. Sin ceann de na príomh fáthanna go bhfuil meath ag tarlú. Chomh maith le sin, níl muid tar éis díriú isteach ar an dúshlán mór, is é sin, conas is féidir linn an meon sin a athrú. Conas is féidir linn cur ina luí ar an Roinn go bhfuil air, ní amháin déileáil leis an éileamh maidir le gaelscolaíocht, ach é a chothú? Ba chóir don Roinn déileáil le ceisteanna maidir le tumoideachas blianta ó shin. Is dóigh liom go ndearna an Aire cinneadh mícheart le déanaí. Ba chóir go gcuirfeadh sí ar leataobh an cinneadh sin agus go mbeadh tumoideachas á mholadh, ní amháin sna scoileanna Gaeltachta agus breac Gaeltachta, ach i ngach scoil, ionas go mbeidh muid in ann teacht ar ais i gceann 20 bliain agus go mbeidh athrú iomlán tagtha ansin ar an ghéarchéim maidir leis an Ghaeilge sna gaeltachtaí agus timpeall na tíre.

Is trua nach mbeidh an oiread sin daoine ag léamh na tuarascála seo mar leagtar amach ann cé chomh thábhachtach agus atá an cheist seo. D'aithin muid, na daoine atá gafa le cur chun cinn na Gaeilge, go raibh an scéal seo le teacht. Is trua, áfach, go raibh orainn fanacht leis an tuarascáil seo le spreagadh a thabhairt. Bhí daoine ag rá go leanúnach go raibh meath ag teacht ar an ghaeltacht agus, dá réir sin, ar an thobar sin ó thaobh na teanga agus ár gcultúr de.

Caithfimid díriú ar na ceisteanna atá leagtha amach sa tuarascáil maidir le conas is féidir linn déileáil le ceisteanna pleanála sa Ghaeltacht, le ceisteanna maidir le hoideachas agus maidir leo siúd atá sásta a pháistí a thógaint le Gaeilge. Mar léiriú ar mheon an Stáit maidir leis an teanga in am nach raibh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na rialacha a athrú nó a chur ar leataobh ar mhaithe leis an Ghaeilge, seo scéal. Is cuimhin liomsa freastal ar scoil Dhún Chaoin nuair a bhí baol ann go ndúnfaí í. Chuaigh mo chlann, clann Dick Burke, a bhí mar Coimisinéar, agus cúpla clann eile chun na scoile sin gach mí Meitheamh chun na huimhreacha a árdú ann ionas go gcoinneofar ar oscailt í. Tá an scoil fós beo agus trí nó ceithre mhúinteoir ann.

De réir na tuarascála, tá meath ag tarlú, fiú i nDún Chaoin, maidir leis an méad daoine atá ag tógaint páistí trí Ghaeilge, nó an méad daoine atá ag labhairt Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Níor éirigh go hiomlán linn mar sin. Conas is féidir linn an dream a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, nó atá ag obair nó ag freastal ar scoileanna sa Ghaeltacht, a mhealladh chun casadh go huile agus go hiomlán ar an Ghaeilge? Cad iad na hacmhainní breise atá de dhíth? Cén uirlisí breise ar chóir dúinn a lonnadh sna Gaeltachtaí chun a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh athrú suntasach faoi cheann deich mbliana nó mar sin, ionas nach rachaidh na Gaeltachtaí i laige arís?

Tá athruithe ann le tamall blianta anuas, ach ní dóigh liom go bhfaca muid go fóill toradh iomlán na cinnte a tógadh, mar shampla, an cinneadh maidir le teilifís na Gaeilge. Measaim go bhfuil tionchar nach beag aige. B'fhéidir go mbeadh an tuarascáil i bhfad níos measa murach teilifís nó raidío na gaeltachta. Arís, bhí ar an phobal raic a thógaint chun cead a bheith acu na stáisiúin seo a chur ar fáil. Molaim an iar Aire, an Teachta Michael D. Higgins, a thóg an cinneadh teilifís na Gaeilge a chur ar fáil.

Tá cinntí eile déanta chomh maith. Mhol mé an tAire nuair a chuir sé an Bille i dtaobh na teangacha oifigiúla fé bhráid an Oireachtais. Tá súil agam go bhfeicfimid tairbhe an Achta sin amach anseo, ainneoin go raibh mé ag troid leis an Aire faoi é a dhéanamh níos foirfe agus ag iarraidh go mbeadh forálacha ann a bheadh in ann déileáil leis na ceisteanna atá tar éis teacht chun cinn sa tuarascáil seo.

Tá dúshlán mór romhainn Gaeilgeoirí díograsacha agus gníomhacha a lonnadh sna Gaeltachtaí arís, ionas go mbeidh daonáireamh iontu a léireoidh go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt agus níos mó Gaeilgeoirí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta. Ceann de na fadhbanna atá luaite sa tuarascáil ná go bhfuil méad na Béarlóirí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta ag dul i méid. Is gá acmhainní agus am an chóras oideachais a chaitheamh ar na daoine seo a Ghaelú. Ba chóir freisin breis maoiniú a thabhairt do na scoileanna Gaeltachta chun cinntiú nach gcuirfidh an líon daltaí le Béarla as an ghnáth obair scoile mar go gcaithfidh an múinteoir níos mó ama a chaitheamh ag múineadh Gaeilge dóibh.

Caithfear, freisin, breis acmhainne a chur ar fáil do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge ar a thoil acu atá ag bogadh isteach i gceantair gaeltachta ó cheantair eile. Is cóir go mbeadh tumoideachas ar fáil do thuismitheoirí nó aon duine eile, is cuma an bhfuil páistí acu nó nach bhfuil nó más daoine ar phinsean iad, a bhogann isteach sna cheantair seo. Is cóir go mbeadh sin mar chuid de na coinníollacha pleanála. Ba chóir go mbeadh an córas pleanála ag déileáil leis na ceiste seo i dtaobh daoine atá ag iarraidh cur futhu sa Ghaeltacht. Is gá athrú suntasach a dhéanamh maidir leis an cheist pleanála agus is cóir coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm maidir leo siúd atá ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht. Sa deireadh thiar, is rud ársa atá againn sna Gaeltachtaí. Má leanann muid ar aghaidh ag ligint do theaghlaigh Béarla bogadh isteach sna ceantair sin, is léir go leanfaidh leis an damáiste atá déanta cheana, mar atá léirithe sa tuarascáil. Tarlóidh an rud céanna má ligeann muid do chomhlachtaí a oibríonn go huile agus go hiomlan trí Bhéarla lonnú sa Ghaeltacht.

Má táimíd dáiríre faoi chothú na Gaeilge, caithfidh muid oibriú agus gníomhú de réir na ceisteanna móra atá leagtha amach sa tuarascáil seo. Sin an cheist: an bhfuil muidne sa Teach seo dáiríre faoi? Más gá, caithfimid breis maoiniú a dhéanamh. Ní féidir leis an Aire thall é sin a dhéanamh, ach is féidir leis an Rialtas agus an Aire Airgeadais é a dhéanamh. Caithfimid léiriú de na céimeanna a bhfuil an Rialtas sásta a thógaint chun tobar na Ghailge a athlíonadh a fheiscint sa chéad buiséad eile agus sna buiséid ina dhiadh sin. Conas gur féidir linn cuir leis an Ghaeltacht amach anseo? An chéad rud atá le déanamh againn ná déanamh cinnte nach dtiocfaidh meath níos mó ar an Ghaeltacht.

Ceist mór is ea ceist an chóras oideachais. Measaim gur chóir duinn díriú isteach ar na ceisteanna eile atá luaite sa tuairisc. Cad iad na impleachtaí a bhaineann le grádú na Gaeltachtaí — na trí grád atá leagtha amach? Is ceist mór é sin. Aontaím leis an Aire gur chóir dúinn ár am a thógaint maidir le sin. Ní féidir linn am a ghlacadh go deo, ach is féidir linn suim mór airgid a infheistiú sa chóras oideachais, nó tumoideachas do tuismitheoirí, láithreach. Measaim gur chóir go dtiocfadh an Aire ar ais le moltaí den shórt sin. Ba cheart dúinn léiriú don domhain go bhfuilimid sásta ár ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is maith an rud é go raibh an Aire in ann am a fháil chomh tapaidh chun déileáil leis an tuairisc seo. Bhí sé beagáinín ró-thapaidh, i slí amháin, mar nach raibh an tuairisc faighte againn luath go leor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.