Dáil debates

Thursday, 8 November 2007

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Agus tuismitheoirí a íoc as obair a dhéanann siad as an teanga a cur chun cinn. Ní thig linn a bheith ag brath ar an chóras oideachais. Caithfear é a fhágáil ag na tuismitheoirí sa deireadh thiar thall agus aon sprioc a thig linn a thabhairt dóibh chun é sin a dhéanamh is cinnte go gcaithfear smaointiú air.

Tá súil agam go mbeidh deis againn moltaí staidéir teangeolaíochta a phlé níos mionna ins an Dáil gan mhoill, mar tá siad réabhlóideach agus tá todhchaí na Gaeltachta i gceist. Má chaillfimid an Ghaeilge ansin beimid ag briseadh an nasc atá ann leis na mílte bliain, is cuma cad a dtarlaíonn sa chuid eile den tír. Tá an dualgas sin orainn uilig. Níl mé ag cur dualgais ar an Aire féin. B'fhéidir gur chóir go dtiocfadh coiste il-ghabhálach den Dáil le chéile mar is ceist náisiúnta í seo don teanga agus do chultúr na tíre, agus caithfimid uilig dul taobh thiar de chibé moltaí nó straitéis atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.