Dáil debates

Wednesday, 7 November 2007

Undocumented Irish in the United States: Motion (Resumed).

 

8:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Mar a dúirt mé, níl aon mhaith ann má bhíonn an tAire ag gearán ar raidió Éireann agus é ar a shlí go dtí na Stáit Bhalcánacha faoi céard atá á dhéanamh ag an Teachta Enda Kenny agus Fine Gael. Caithfimid oibriú le chéile agus an beart a dhéanamh. Tá sin ag tarlú anois, ach murach an rún seo, ní tharlódh sé.

Tá sé an-tábhachtach go leanfaidh an ceangal pearsanta idir an Taoiseach agus Senator Kennedy, agus daoine eile mór le rá i gcúrsaí polaitiúla Mheiriceá, ar aghaidh. Is teagmháil dhaingean í sin le blianta fada anuas agus is cóir í a neartú chun réiteach a fháil ar an scéal agus comhoibriú idir Mheiriceánaigh agus Éireannaigh a chur chun cinn. Is cosúil, ón scéal atá faighte againn ó Mheiriceá nach bhfuil an teagmháil sin maith go leor go fóill. Caithfimid féachaint chuige go mbeidh ceangal maith eadrainn agus go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí go mbeidh toradh maith againn agus go mbeidh na hÉireannaigh atá thall in Nua Eabhrac, go háirithe, a bhfuil aithne pearsanta againn orthu, in ann teacht abhaile chun bualadh lena cairde agus a clanna, go háirithe ag am Nollag.

Aontaím leis an méid a dúirt an Teachta Varadkar níos luaithe, go bhfuil daoine in Éirinn sa chruachás céanna leis na daoine mídleathacha i Mheiriceá. Ba chóir go ndéanfadh muid beart ar a shon. Is rud maith é go bhfuil sé ráite os ard anois go gcaithfimid oibriú ar a shon freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.