Dáil debates

Wednesday, 7 November 2007

Undocumented Irish in the United States: Motion (Resumed).

 

8:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Is rún an-tábhachtach é an rún seo agus molaim an obair atá déanta ag an Teachta Michael Ring, go h-áirithe, chun é a chur faoi bhráid na Dála. Molaim freisin an comhoibriú idir sinne agus an Rialtas. Mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile. Tá muid sa Teach ag comhoibriú ar son an méid de mhuintir na hÉireann atá ag obair agus a bhfuil cónaí orthu i Meiriceá. Tá mo dheartháir agus daoine eile ó mo chlann ag obair go dleathach i Mheiriceá agus dá bhrí sin tá eolas pearsanta agam ar an scéal agus a fhios agam go bhfuil mórán daoine ann nach bhfuil stádas dleathach acu. Is ar an tír agus an Rialtas seo a bheidh an milleán muna mbíonn comhoibriú eadrainn. Caithfimid brú a chur ar Mheiriceánaigh, go mór mór daoine a bhfuil cáirdiúil linn.

Ní rud maith é go mbeadh an tAire Gnóthaí Eachtracha ag déanamh raice, agus é ar a shlí go dtí na Stáit Bhalcánacha, toisc gur labhair an Teachta Enda Kenny ar an ábhar. Dúirt an tAire Stáit go raibh an tAire Gnóthaí Eachtracha i Mheiriceá thart ar 20 uair. Tá sé in am dó dul arís, agus an Taoiseach ina theannta, chun an beart a dhéanamh don Rialtas. Ba chóir go mbeadh na státseirbhísigh a bhfuil againn i Mheiriceá ag obair ar an fhadhb seo chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.