Dáil debates

Thursday, 1 November 2007

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Táim ag teacht chuige sin. An fhadhb atá le sin ná go bhfuil ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht ag fáil cúnaimh tionsclaíochta go hiomlán. Caithfimid bheith réasúnta cothrom. Mar is eol don Teachta, táim ag rá leis an údarás le fada gur ceart, i gceantair láidre Gaeltachta — is ceantair i bhfad siar go leor acu siúd — cúnamh breise a thabhairt ar dhá chúis, uimhir a haon, mar gur ceantair tearcfhorbartha iad agus uimhir a dó mar go bhfuil féidireachtaí iontacha sna ceantair seo ó thaobh thionscail an teanga mar go bhfuil rud acu nach bhfuil ag aon cheantar eile. Bhí mé ag iarraidh an t-údaras a bhrú i dtreo níos mó infheistíochta a dhéanamh sna féidireachtaí iomlána a bhaineann leis an teanga agus an t-éileamh atá ar sheirbhísí. Feicim ceantair ag baint úsáide agus leasa as sin. Buíochas le Dia, tá rath iontach ar na coláisti Gaeilge fé láthair agus méadú mór ar an líon scoláirí. Tá ceantair áirithe, mar shampla, ag baint leas mhór as na deiseannaí aistriúchán atá ann. Tá láidreachtaí i ngach ceantar, go speisialta anois agus seasamh láidir ag an Rialtas i leith na Gaeilge. Tá láidreachtaí ó thaobh ghnó de ag na ceantair láidir Gaeltachta, ach níl mé sásta go bhfuil leas iomlán bainte as sin go fóill.

An argóint a bhíonn agam i gcónaí ná, gur féidir le dream sa tSín nó sa Pholainn nó áit ar bith eile mar sin dul in iomaíocht linn i dtionscail, ach níl iomaíocht ann más tionscal i nGaeilge atá i gceist. Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta bodhar den chur chuige sin. Cinnte, beidh mé ag cur brú go ndéanfear gach is féidir le cinntiú go dtiocfaidh na ceantair seo slán. Luíonn sé le réasún gur ceart go ndíreoidh muid ar na láidreachtaí sna ceantair seo, mar ní féidir iachall a chur ar thionscail ón iasacht teacht go dtí na ceantair seo nuair nach bhfuil Gaeilge acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.