Dáil debates

Thursday, 14 June 2007

5:00 am

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Aithním agus cuirim fáilte roimh thoradh an vóta seo agus guím comhghairdeas agus gach ráth ar an dTaoiseach ar bheith tofa arís mar Thaoiseach na tíre. Ní rud nua é dó mar is Taoiseach é le tamall fada agus tá ag éirí go han-mhaith leis sa ról sin. Ach san am céanna, cuireann toradh an vóta seo tús le ré nua mar cuireann sé tús le ról mo pháirtí fhéin, An Comhaontas Glas, dul i gcomhpháirtíocht i Rialtas. Ciallaíonn sin nach amháin gur ócáid stairiúil é domsa go pearsanta agus don Taoiseach mar Thaoiseach i Rialtas nua mar sin, ach chomh maith mar gur páirtí muid atá fíor-bhuíoch d'obair an Thaoisigh le linn an próiséas síochána agus teacht i bhfeidhm Conradh Aoine an Chéasta.

Dá bharr sin is féidir linne sa Chomhaontas Glas a rá go bhfuilimid mar pháirtí uile-Éireann anois toisc go bhfuilimid páirteach insan Tionól i Stormont agus anseo i nDáil Éireann chomh maith. Táim buíoch don Taoiseach as an obair sin ar son na síochána sa tír seo agus as an ról atá ag muintir na tíre uilig i gcur chun cinn na tíre insan Chomhaontas Glas ó thuaidh agus ó dheas. Guím gach ráth ar an obair sin. Táim ag súil leis an dul chun cinn gur féidir linn a dhéanamh chun saol níos fearr a bhaint amach do mhuintir na tíre ar fad agus todhchaí na tíre a láidriú tríd an dúshlán atá romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.