Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

Electoral (Amendment) (No. 2) Bill 2007: Second Stage

 

7:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Bille seo os comhair na Dála seo. Mar go bhfuil an Dáil seo ag teacht chun deiridh, tá sé in am dúinn machnamh a dhéanamh ar dháta an toghcháin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil prionsabal bunúsach i gceist anseo ó thaobh vótála de. Is cuma má táimid ag caint faoi dhaoine óga, daoine meán-aosta nó daoine aosta — ba chóir go mbeadh mealladh sa chóras polaitiúil chun seans a thabhairt do gach éinne vótáil ar an lá, nó na laethanta, is fearr. Chaith an Rialtas a lán airgid amú i rith bhlianta na Dála seo. Chaith an Rialtas na milliúin euro ar electronic voting machines nach n-oibríonn. Tá a lán airgid curtha amú ag an Rialtas. Níl aon rud fiúntach déanta ag an Rialtas chun cabhair a thabhairt do ghnáth-dhaoine páirt a ghlacadh sa chóras daonlathach sa tslí is éasca agus is fearr. Molann an Bille seo córas den sórt sin, a chinnteoidh go mbeidh an vótáil ag an deireadh seachtaine — Dé hAoine, Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh. Tá daoine ann nach mbeidh sásta vótáil ar an Domhnach de bharr chúiseanna creidimh.

Ba cheart dúinn gach seans a thabhairt do ghnáth-dhaoine na hÉireann vótáil ar an lá is fearr. Tá an pointe seo cruthaithe cheana féin — bhí ardú ar an líon daoine a vótail sa toghchán Eorpach deireanach i 2004. Tháinig beagnach 70% de na daoine amach an uair sin. Tá sé an-tábhachtach go gcruthaímid spás i ngnáthshaoil na ndaoine, atá an-difriúil ó na saoil a bhí againn deich mbliana ó shin. Bíonn ar dhaoine taisteal go moch ar maidin go dtí na cathracha. Bíonn na commuters ag obair ar feadh an lae go léir, nach mór. Tagann siad abhaile ag a ocht nó a naoi a chlog san oíche. Má bhíonn an toghchán ar an Déardaoin, mar atá ráite ag an Taoiseach, ní dóigh liom go mbeidh seans ceart ag na gnáth-commuters vótáil sa tslí a thaitníonn leo. Má bhíonn an toghchán ar an Aoine, an Satharn nó an Domhnach, beidh seans acu vótáil mar nach mbeidh ar an gcuid is mó acu obair an lá ina dhiadh. Is rud an-bhunúsach é go dtabharfar seans do na céadta mílte daoine teacht amach ar an lá.

Tá na céadta mílte mac léinn ag staidéar timpeall na tíre. B'fhearr le mór-chuid díobh vótáil ina mbailte dúchais. Ní bheidh aon seans ag na gnáth-scoláirí é sin a dhéanamh má bhíonn an toghchán ar an Déardaoin. Beidh i bhfad níos mó spéise ag na daoine óga, go háirithe, a gcuid vótaí a chaitheamh ag an deireadh seachtaine, mar atá molta ag Fine Gael sa rún seo atá romhainn.

This is a very important debate, coming as it does in the dying hours of this Dáil. The Taoiseach is caught like a rabbit in the headlights, not knowing which way to turn. When asked the date of the election, he resembles a modern pope, with the answer in scrinio pectoris and kept firmly to himself.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.