Dáil debates

Wednesday, 28 March 2007

Appointments to Public Bodies Bill 2007: Second Stage (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an deis labhairt ar an mBille tábhachtach seo. Is trua é nach bhfuil an Rialtas ag glacadh leis, mar measaim gur ábhar dáiríre is ea an t-ábhar seo. Tá an-chuid dos na boird Stáit agus na boird phoiblí lena bhfuilimid ag deileáil ag déanamh cinnithe rí-thábhachtach ó thaobh todhchaí phobal na tíre seo. Bíonn tionchar ag na cinnithe a dhéanann siad ar an bpobal i gcoitinne. Sa lá atá inniu ann, tá níos mó agus níos mó boird Stáit á chruthú ag an Rialtas.

Cruthaítear bord Stáit nua i mbeagnach gach Bille a thagann roimh an Oireachtais. Déanann an Rialtas iarracht cumhachtaí áirithe a thabhairt dos na boird éagsúla. Ní gá ach féachaint ar an méid a dhein an Rialtas nuair a bhí siad ag deileáil le Aer Rianta anuraidh. Chruthaigh an Rialtas trí chomhlacht as Aer Rianta. Tá an Rialtas ag roinnt Bord Soláthar Leictreachais i gcodanna chomh maith. Bíonn gá leis na cinnithe seo ó am go chéile, ach go minic ní fheicim an gá sin don phobal. Tá an cuma ar an scéal diaidh ar ndiaidh go bhfuil na postanna seo á chruthú do chairde Fianna Fáil nó an Páirtí Daonlathach. Tá sé seo ag tárlú.

Cabhraíonn an córas seo leis an Rialtas agus le hAirí, ach go háirithe, éalú ón fhreagracht atá acu do Thithe an Oireachtais nuair atáimid ag iarraidh freagraí ar ár gceisteanna. Luaigh an Teachta O'Shea ceist an HSE — tá sé deacair dúinn mar Teachtaí Dála teacht ar fhreagraí ar na ceisteanna móra a bhaineann le chóras leighis na tíre seo. Feicimid ró-mhinic go bhfuil daoine roghnaithe agus ní leír an bhfuil aon saineolas acu maidir leis an mbord ar a seasfaidh siad. Ní féidir linn a bheith cinnte an bhfuil siad chun aon scil a thógaint go dtí an post nua atá acu.

Chuala mé an Teachta Curran níos luaithe ag rá go bhfuil iad siúd atá tofa freagrach agus cuntasach. Cad a tharlaíonn dóibh siúd nach bhfreastalaíonn ar cruinnithe na mbord? Bíonn mórán díobh siúd atá tofa as láthair don chuid is mó de chruinnithe na mbord. Níl aon fhreagracht acu don Teach seo. Go minic, déantar iad a ath-thofa nó a ath-roghnú dos na mbord. Aontaím nach díreach ar chinneadh tobann amháin gur chóir dúinn daoine a ceapadh. Ní chóir dúinn postanna tábhachtach a líonadh ar an bhonn sin. Déanann siad cinnithe móra maidir le todhchaí na tíre.

B'fhéidir go bhfuilimid beagáinín níos oscailte ná mar a bhíomar am amháin. Tá eolas ag a lán daoine faoi chásanna ina roghnaíodh daoine nach raibh oiriúnach. Cén fáth a bhfuil eagla ar an Rialtas maidir leis an mBille seo? Ba chóir go mbeadh an córas rialtas níos oscailte sa lá atá inniu ann. Conas is féidir le haon Rialtas chur i gcoinne an cód cleachtais atá leagtha amach sa Bhille seo ag an Teachta Boyle agus a chomhleacaithe? Aontaím gur chóir go mbeadh na folúntais fógraithe, go mbeadh ról baill na mbord soiléir, go mbeadh an réimse scileanna nó an cúlra riachtanach leagtha amach go soiléir agus go mbeadh an bunús ar a roghnaíodh na baill seo leagtha amach.

Tá gá ann cothromaíocht cheart idir scileanna agus cúlra a shonrú. Ba chóir go mbeadh na cinnithe sna chásanna seo ar bhonn merit. Ag cur leis an cód seo, tá ról lárnach á moladh sa Bhille seo do Thithe an Oireachtais, chun go mbeimid cinnte go bhfuil an cinneadh is fearr á ghlacadh againn ó thaobh na mbord rí-thábhachtach seo. Molaim an Bille agus molaim an Chomhaontas Ghlas as ucht é a chur romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.