Dáil debates

Wednesday, 7 February 2007

European Council: Statements.

 

1:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Is trua go bhfuil an tAontas Eorpach ag díriú ar an bhunreacht athuair. Cad is fiú iad na rialacha? Tá siad scríofa, agus tugadh le fios, dá mba rud é go ndúirt aon tír "No" leis an bhunreacht nó aon chonradh eile, chuirfeadh sé sin deireadh leis, agus chuirfí ar leataobh é. Ar ndóigh, tuigimid sa tír seo nach fíor sin, agus ní gá ach smaoineamh siar ar a ndearna an tír seo go maslach maidir le Conradh Nice.

Sin go díreach an rud atá á dhéanamh arís leis an bhunreacht, agus tá an tír seo arís ag tabhairt tacaíochta d'iarrachtaí an Aontais conradh nó bunreacht nach ritheann le pobal an Aontais a chur chun cinn. Ní maith leo í, agus tá siad sásta cur ina coinne. Tá an tír seo sásta í a bhrú chun tosaigh, áfach. Is masla don daonlathas é sin, ach ní dúirt aon duine ariamh gur chlub daonlathach é an tAontas Eorpach. Ní gá ach féachaint ar an tslí a gcaitheann an tAontas lena bhaill ar fad. De ghnáth i gclub, nuair a shíníonn daoine suas, glactar leo mar bhaill iomlána — muna bhfuil sé leagtha síos go bhfuil dhá ghrád de bhallraíocht ann. Ba é an rud a dúradh le gach tír a lorg ballraíocht san Aontas ná go mbeidís in ann teacht isteach mar bhaill iomlána agus go mbeadh gach rud a bhaineann leis an Aontas ag dul dóibh.

Is léir, áfach, go bhfuil ballraíocht den darna grád á hofráil — agus tugtha sa chás seo — don Rómáin agus don Bhulgáir. Is trua é an seasamh a ghlac an Rialtas maidir le ballraíocht den dá thír sin. Bhí an tír seo láidir agus ceannródaíoch nuair a tháinig na deich dtír eile isteach san Aontas tamall beag roimhe sin. In áit díriú ar an bhunreacht a diúltaíodh athuair, ba chóir go mbeimis ag díriú ar conas is féidir linn déileáil le fadhbanna taobh istigh den Aontas. Seachas díriú ar straitéis Liospóine, straitéis a bhfuil teipthe uirthi, ba chóir polasaithe a chumadh ar féidir leo déileáil leis an fhás i míchothromas ioncaim ó 2000 ar aghaidh. Bhí milliún duine breise dífhostaithe idir 2000 agus 2005. Tá breis agus 5 milliún ar chonarthaí téarmaí ceangailte agus 1 milliún gafa i bpoist pháirt-aimseartha san Aontas. Tugadh tús áite i gcónaí do straitéis Liospóine, ag cur príobháidithe agus liobrálachais sa mhargadh chun cinn. Ba é an toradh a bhí air ná ionsaí ar choinníollacha oibre, pá, sláinte, pinsin agus, as láthair, leasú sóisialta.

Caithfidh polasaí an Aontais a athrú má tá sé chun déileáil le fás eacnamúil inmharthanach, le bochtanas agus dífhostaíocht. Caithfidh meon nua a chothú agus athdháileadh a chur ar ais ar an chlár polaitiúil. Ba chóir é a cheangal isteach leis an tosaíocht timpeallachta agus athrú aeráide a luaigh an Teachta Gormley. Is ceist don Aire é sin, ach cén seasamh atá glactha ag toscaireacht na tíre seo maidir le cumhacht núicléach? Caithfidh Éire agus an tAontas Eorpach ina iomláine díriú isteach ar conas is féidir déileáil leis agus fuinneamh inathnuaite a úsáid agus a chur chun cinn, chomh maith le úsáid níos éifeachtaí a dhéanamh den fhuinneamh atá againn cheana féin.

Tá a lán eile ann. Cuirim fáilte roimh an chéim chun tosaigh a glacadh don Ghaeilge ar 1 Eanáir. Tá súil agam gur spreag sí daoine sa Teach seo Gaeilge a úsáid. Bheimis in ann Gaeilge a chloisint i bParlaimint na hEorpa agus ag cruinnithe, mar a phléigh muid anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.