Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2006: Second Stage

 

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tuigim ach ba chóir go mbeadh na háiseanna tugtha dóibh chomh maith. Tá seo ardaithe ag an CPP le tamall anuas. Tá oifigeach preas éigeantach agus ba chóir go mbeadh sé ag baint le camera crews atá ag iarraidh teacht isteach seachas an captaen nó a leithéid.

Tá mionathruithe ag teastáil ach, den chuid is mó, tá an coimisiún ag éirí go maith leis agus tá súil agam go leanfaidh leis sin. Tá áiseanna breise ag teastáil ón Teach seo le cruinnithe do pháirtithe beaga agus grúpaí eile a thagann isteach. Inniu caitheadh amach as seomra coiste sinn ag 11.45 a.m. mar bhí dream eile ag teacht isteach. Bhí orainn deifriú fríd an reachtaíocht seo, agus caithfimid díriú isteach ar spás breise a fháil inar féidir linn an méid oibre atá os ár gcomhair a dhéanamh i gceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.