Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2006: Second Stage

 

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Ba chóir go mbeadh ionadaithe ar an choimisiún ó gach páirtí agus ba chóir go mbeadh duine ann thar cheann na n-oibrithe chomh maith, mar a dúirt mé nuair a bhí muid ag baint leis seo ar dtús. Ba cheart go mbeadh go leor ionadaithe ann chun na tuairimí difriúla a chur trasna. Is féidir leis an choimisiún a oibriú le duine nó beirt sa bhreis. Níl mé ag rá gur chóir go mbeadh 20 nó 30 ar an choimisiún; tá mé ar lorg duine amháin nó beirt breise.

Ba chóir díospóireacht níos rialta a bheith ann faoi bhainistíocht Thithe an Oireachtais. Ba chóir go mbeadh sé struchtúrtha againn in obair bhliantúil an Oireachtais go mbeadh díospóireacht againn faoin obair sin agus an dóigh a ndéanaimid agus a n-íocaimid as sin. Ní thugann an Bille seo deis dúinn é sin a dhéanamh ach ba cheart dúinn smaoineamh faoi. Tig linn bheith bródúil faoin méid oibre a dhéanaimid agus a lú airgid a chaithimid uirthi, mar a dúirt an Teachta Howlin romham, i gcomparáid le tíortha eile.

Cuirim fáilte roimh an alt nua, alt 3, a leagann amach feidhm an choimisiúin ó thaobh aistriúcháin de. Tá sé seo rí-thábhachtach agus tá sé ráite agam go minic cheana féin go bhfuil gá le maoiniú agus foireann sa bhreis go mbeadh an leagan Gaeilge de Bhillí ar fáil ag an am céanna leis an leagan Béarla. Go dtí seo níl sé sin ag tarlú. Déanann sé constaic san obair atá agam sa Teach nach féidir liom plé ceart a dhéanamh le Bille mar go bhfuil sé i mBéarla agus ní féidir liom leasú a chur i nGaeilge. Ní léir ón Bhille seo an mbeidh an maoiniú agus an fhoireann sa bhreis ag teacht le seirbhísí aistriúcháin mar thoradh ar an reachtaíocht seo.

Tá ceist nach bhfuil luaite sa Bhille ach ba cheart go mbeadh sé lárnach d'obair an choimisiúin — áiseanna do na meáin chumarsáide i dTithe an Oireachtais. Níl go leor ann do na meáin chraolacháin go háirithe, agus ba cheart go mbeadh áiseanna i bhfad níos fearr acu. Caithfear córas níos simplí a bheith ann nach mbeidh foirne ceamara ina seasamh amuigh ag an gheata ag fanacht orainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.